Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tréimhsí oiliúna ar pá i gComhairle an Aontais Eorpaigh

An dáta ónar féidir iarratais a dhéanamh
29/08/2022
An spriocdháta d'iarratais
27/09/2022 12:00
Áit(eanna): 
An Bhruiséil (an Bheilg)

Institiúid/Gníomhaireacht

De réir riachtanais na seirbhíse, is gnách go mbíonn obair laethúil oiliúnaí coibhéiseach le hobair na n-oifigeach sóisearach i dtús a ngairmréime ar riarthóirí iad, e.g.: cruinnithe a ullmhú agus miontuairiscí a dhréachtú, freastal ar chruinnithe de chuid chomhlachtaí ullmhúcháin Coreper agus na Comhairle, taighde a dhéanamh ar thionscadal áirithe, doiciméid a aistriú nó a thiomsú, tuarascálacha a scríobh. Iarrtar ar na hoiliúnaithe freisin páirt a ghlacadh i gclár staidéir a bhfuil cuairteanna agus comhdhálacha in institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg ina gcuid de.

Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh den Aontas Eorpach a bhfuil an chéad chuid, ar a laghad, dá staidéar ollscoile críochnaithe acu faoin sprioc-am maidir le hiarratas a dhéanamh agus a bhfuil céim nó a comhionann bainte amach acu.

Fad ama: 5 mhí

Pá?Is tréimhse oiliúna ar pá é seo. €1,220.78 in aghaidh na míosa, aisíocaíocht liúntais taistil agus cárta lacáiste bialainne ó Ardrúnaíocht na Comhairle.

Dátaí tosaigh:

  • An 1 Feabhra (tréimhse iarratais i dtrátha Lúnasa/Meán Fómhair – déan seiceáil an tráth sin chun na dátaí deiridh a fháil).
  • An 1 Meán Fómhair (tréimhse iarratais i dtrátha Feabhra/Márta – déan seiceáil an tráth sin chun na dátaí deiridh a fháil)