Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Na cineálacha gearáin

NA CINEÁLACHA GEARÁIN 

AN CHÉIM DEN CHOMÓRTAS

CAD AR FÉIDIR CUR INA CHOINNE?

CÉ A RINNE AN CINNEADH A bhFUILTEAR AG CUR INA CHOINNE?

NÓS IMEACHTA

GNÍOMHAITHE (CÉ A PHRÓISEÁLANN? / CÉ A DHÉANANN AN CINNEADH?)

AN TORADH

NEODRÚ

Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Ábhar na gceisteanna sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

An bord roghnúcháin (faomhann sé ábhar na dtrialacha)
 

Tá an iarraidh le cur chuig EPSO faoi cheann 3 lá féilire ó dháta na dtrialacha ar ríomhaire.

Is é an bord roghnúcháin a dhéanann an t-athbhreithniú.

/

Is é an bord roghnúcháin a dhéanann an cinneadh.

Má neodraítear ceist, athdháiltear na pointí ar bhonn na gceisteanna eile.

IARRAIDH AR ATHBHREITHNIÚ

Iontráil

Cinneadh gan tú a ligean isteach sa chomórtas

An bord roghnúcháin

Tá an iarraidh le cur chuig EPSO faoi cheann 10 lá féilire ón dáta a foilsíodh an cinneadh i do chuntas EPSO.

Is é an bord roghnúcháin a dhéanann an t-athbhreithniú
/
Is é an bord roghnúcháin a dhéanann an cinneadh

I gcás athiontrála, tugtar na hiarrthóirí isteach ag an gcéim den gcomórtas ag ar eisiadh iad.

Talent Screener (TS)

An cinneadh lenar socraíodh do thorthaí sa Talent Screener

Réamhthriail

An cinneadh lenar socraíodh torthaí do thrialacha

Ionad Measúnaithe

An cinneadh lenar socraíodh torthaí do thrialacha

GEARÁN RIARACHÁIN (Airteagal 90 (2))

Aon cheann

Cinneadh a rinne dochar do do stádas dlíthiúil mar iarrthóir

An bord roghnúcháin nó an t-údarás ceapacháin

Tá an gearán riaracháin le seoladh chuig an údarás ceapacháin (i.e. stiúrthóir EPSO) faoi cheann trí mhí ó fhógairt an chinnidh ar mian leat cur ina choinne

Is í roinn dlí EPSO a phléann leis na gearáin, i gcomhar leis an mbord roghnúcháin nó gníomhairí eile lena mbaineann, más gá

/

Is é an t-údarás ceapacháin a dhéanann an cinneadh.

Ní féidir leis an údarás ceapacháin cinneadh ón mbord roghnúcháin a chur ar ceal ná a leasú de bhun gearán riaracháin. Mar sin féin, má aimsíonn stiúrthóir EPSO botún sa nós imeachta nó earráid fhollasach sa mheasúnú, cuirfear an cás ar ais chuig an mbord roghnúcháin le hathmheasúnú a dhéanamh air.

ACHOMHAIRC BHREITHIÚNACHA

Aon cheann

Cinneadh a rinne dochar do do stádas dlíthiúil mar iarrthóir

An bord roghnúcháin nó an t-údarás ceapacháin

Tá an t-achomharc le cur faoi bhráid Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh faoi cheann trí mhí agus deich lá ó fhógairt an chinnidh ar mian leat cur ina choinne

Is í roinn dlí EPSO a phléann leis na gearáin i gcomhar le seirbhís dlí an Choimisiúin

/

Is í an Chúirt Ghinearálta a dhéanann an cinneadh

Is féidir leis an gCúirt Ghinearálta cinneadh ar cuireadh ina choinne a chur ar ceal ach ní féidir léi é a leasú.

GEARÁN LEIS AN OMBUDSMAN EORPACH

Aon cheann

Drochriarachán amhrasta

Ní bhaineann le hábhar

Ní mór an gearán a chur go díreach chuig an Ombudsman Eorpach laistigh de 2 bhliain ón dáta a tháinig an gearánach ar na fíricí is bonn leis an ngearán

Is í roinn dlí EPSO a phléann leis na gearáin, i gcomhar le seirbhísí an Ombudsman.

/

Moltaí ón Ombudsman

Déanann an tOmbudsman moltaí d’fhonn deireadh a chur leis an drochriarachán amhrasta.

GEARÁN TEICNIÚIL

Aon cheann

Earráid theicniúil / fadhb eagrúcháin

Ní bhaineann le hábhar

Féach an fógra comórtais

EPSO

Cuirtear an cinneadh atá déanta ag EPSO in iúl don bhord roghnúcháin (i.e. trialacha a athdhéanamh, etc.).