Skip to main content

Obair agus cónaí a dhéanamh sa Bhruiséil

Picture of Bruxelles (Parc du Cinquentenaire)

Eolas faoi chónaí a dhéanamh i bpríomhchathair na Beilge, áit a bhfuil a gceanncheathrú ag roinnt institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh

Is príomhchathair bheag bhríomhar í an Bhruiséil a mbíonn go leor ar siúl inti. Ar mhaith leat a fháil amach an í an Bhruiséil an áit cheart duitse agus do do theaghlach le dul a chónaí ann? Féach na naisc thíos chun níos mó a fhoghlaim faoin gcathair.

  • Expat Welcome Desk: eolas faoin saol sa Bhruiséil, na gnéithe riaracháin san áireamh (EN, FR agus NL).
  • Réigiún na Bruiséile ‑ na Príomhchathrach: eolas maidir le cultúr, fóillíocht, spórt, iompar poiblí, oideachas agus tithíocht (EN, FR agus NL).
  • Cathair na Bruiséile: eolas maidir le cultúr, fóillíocht, spórt, iompar poiblí, oideachas agus tithíocht (EN, FR agus NL).
  • An tSoghluaisteacht sa Bhruiséil: eolas agus nuacht faoi iompar poiblí agus tionscnaimh a bhaineann leis an tsoghluaisteacht sa Bhruiséil (EN, FR agus NL).
  • Visit Brussels: eolas faoi ghníomhaíochtaí fóillíochta, lena n-áirítear bialanna agus imeachtaí cultúrtha (EN, FR, NL, ES, DE, IT agus PT).
  • Brussels Museums: eolas faoi mhúsaeim uile na Bruiséile, idir bheag agus mhór (EN, FR agus NL).
  • Brussels Agenda: eolas faoi ionaid ceolchoirmeacha, pictiúrlanna, siamsaíocht oíche, gníomhaíochtaí do theaghlaigh agus eile (EN, FR agus NL).
  • BOZAR: eolas in EN, FR agus NL, maidir le clár cultúrtha dinimiciúil éagsúlaithe ceolchoirmeacha agus taispeántas an ionaid: cur chuige ildisciplíneach ina dtagann díospóireachtaí, drámaíocht, scannáin, litríocht agus réimsí eile le chéile chun machnamh a dhéanamh ar na naisc idir an ealaín agus an tsochaí.
  • Brussels Times: Faigh tuilleadh eolais faoina bhfuil ag tarlú sa Bhruiséil ar bhonn laethúil, an pholaitíocht áitiúil san áireamh (EN).

 

Céilí agus páirtithe

Má tá sé beartaithe agat aistriú chun na Bruiséile le dul ag obair don Aontas Eorpach agus má bhíonn do chéile nó do pháirtí ag dul in éineacht leat, b’fhéidir gur mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoin tacaíocht a chuireann Actiris Brussels ar fáil do dhaoine atá tar éis teacht go dtí an Bhruiséil chun cabhrú leo post a fháil. Tá a suíomh ar fáil in EN, FR agus NL

 

Séanadh: tabhair do d’aire gur naisc atá lasmuigh de EPSO iad na naisc thuas. Ní féidir freagracht a chur ar EPSO as an eolas a chuireann eintitis sheachtracha ar fáil.