Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas a chuirtear trialacha ar ríomhaire ar ceal?

Má chinneann tú gan na trialacha a dhéanamh, is ceart duit do choinne a chur ar ceal, sa chaoi go mbeidh an áit sin ar fáil d’iarrthóir eile. Is féidir sin a dhéanamh tráth ar bith go dtí 48 n-uair an chloig roimh an am atá an choinne le bheith ann.

Ní féidir dul siar ar an gcinneadh sin agus cuirfidh sé deireadh le do rannpháirtíocht sa phróiseas roghnúcháin.

Is féidir teacht ar chóras bainistithe coinní Prometric tríd an nasc sa litir deimhnithe coinne i do chuntas EPSO. Foilsítear na sonraí iomlána maidir leis an nós imeachta sa chuireadh.