Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas na trialacha ar ríomhaire a chur in áirithe

Question categories:

Cuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO agus trí shuíomh EPSO cad iad dátaí tosaigh agus deiridh na tréimhse inar féidir coinne a dhéanamh. Beidh nasc chuig córas bainistithe coinní an chonraitheora gníomhach i do chuntas EPSO le linn na tréimhse sin agus lena linn sin amháin.

Nuair a bheidh an nasc áirithinte gníomhachtaithe, beidh tú in ann an dáta agus an t-am le haghaidh do thrialach a roghnú de réir mar a bheidh sí ar fáil. Beidh treoracha iomlána maidir leis an áirithint ar fáil i do litir chuiridh.  Mura ndéanfaidh tú coinne le linn na tréimhse áirithinte, measfar go bhfuil d'iarratas tarraingthe siar.

Féach i do chuntas EPSO go rialta mar nach bhfaighidh tú fógra ríomhphoist nuair a chuirfear an nasc chuig an suíomh gréasáin ar a ndéantar na coinní ar obair. Is ar líne amháin a eagraítear gach triail ar ríomhaire agus déantar feitheoireacht chianda orthu.