Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas is féidir liom cur isteach ar ranníocaíocht le haghaidh costais taistil agus cothabhála?

An lá a bheidh trialacha an ionaid measúnaithe ar siúl, bíodh na nithe seo leat:

  • na trí fhoirm thíosluaite (agus iad líonta isteach agus sínithe);
  • cóip de do chárta aitheantais (an dá thaobh de más gá) nó de do phas;
  • doiciméid taistil.

Glacfar leo seo a leanas mar dhoiciméid tacaíochta:

  • eitleán: pas bordála nó cóip de do thicéad (ní leor an sonrasc);
  • traein, bus, bád: cóip de do thicéad (ní leor an sonrasc);
  • carr: an leagan bunaidh de bhille breosla agus/nó ticéad dola (ní féidir an dáta air a bheith níos mó ná 2 lá roimh an dáta a ghlacfaidh an t-iarrthóir páirt san ionad measúnaithe agus caithfidh sé teacht ó bhóthar atá ag dul chuig an ionad measúnaithe).

Mura soláthróidh tú na doiciméid sin, diúltófar d'iarratas.

  • bille óstáin má tá tú i dteideal ranníocaíocht i leith speansais chóiríochta (féach rannóg 6 de na rialacha).

Mura mbeidh na doiciméid sin ar fad agat lá na dtrialacha, is féidir leat gach rud a chur sa phost chuig:

Más amhlaidh go bhfuil d’ionad trialacha sa Bhruiséil:

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne
Speansais taistil iarrthóirí
L-107
B-1049 an Bhruiséil
An Bheilg

Más amhlaidh go bhfuil d’ionad trialacha i Lucsamburg:

EPSO antenne au Luxembourg
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, T/-0125
90, Boulevard Konrad Adenauer
Lucsamburg L-1115

Seoladh d'áite cónaithe oifigiúla tráth an phróisis roghnúcháin, sin é an seoladh nach mór duit a thabhairt i do chuntas EPSO. Molaimid duit cóip a choinneáil de gach doiciméad.

Nuair a ghlacann tú páirt i dtrialacha an ionaid mheasúnaithe, is féidir leat, má tá tú incháilithe, cur isteach ar ranníocaíocht i leith do speansais taistil, ach ní bheidh tú i dteideal aisíocaíocht na speansas uile a bhí le seasamh agat (Airteagal 2). Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le costais chothaithe, ní dhéanfar aon ranníocaíocht ach amháin má dhéantar na trialacha éagsúla ag an ionad measúnaithe thar dhá lá as a chéile, nó má tá trí lá ar a mhéad eatarthu (Airteagal 6). Ní bhfaighidh tú aon ranníocaíocht i leith na gcostas cóiríochta don oíche roimh an ionad measúnaithe ná don oíche ina dhiaidh i gcomhréir leis na rialacha thíos:

Tábhachtach: Tabhair do d’aire go bhfuil 3 mhí agat ó dháta do thrialach chun an t-iarratas iomlán ar ranníocaíocht i leith speansas taistil/cothaithe a sheoladh isteach.

 

Na doiciméid thábhachtacha:

- An fhoirm um iarratas ar aisíocaíocht

- Foirm an eintitis dhlítheanaigh (LEF): roghnaigh ‘Natural person’ [Duine nádúrtha]

- An fhoirm aitheantais airgeadais (FIF)