Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An féidir liom iarratas a dhéanamh má táim rócháilithe don phost?

Question categories:

Tá cur síos san fhógra comórtais nó sa ghlao ar léirithe spéise ar na bunriachtanais maidir le cáilíochtaí agus taithí oibre. Tá cur síos ann freisin ar na cineálacha dualgais a d'fhéadfadh a bheith ort.

Aon duine a chomhlíonann na bunriachtanais sin ar a laghad agus a bhfuil cáilíochtaí/taithí oibre aige a bhaineann le dualgais an phoist, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh.

Tabhair do d'aire má tá cáilíochtaí breise agus/nó taithí oibre bhreise agat, ní féidir tú a earcú ach ag an ngrád/sa ghrúpa feidhme agus don phróifíl atá luaite san fhógra nó sa ghlao.

Má tá céim bhaitsiléara agat, mar shampla, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh fós ar phróiseas roghnúcháin le haghaidh cúntóirí. Ní mór duit an cur síos ar chineálacha na ndualgas a léamh go grinn, áfach, chun a chinntiú go bhfuil an taithí cheart agus an spreagadh ceart agat chun na dualgais sin a dhéanamh.