Catagóirí ceisteanna:
Scála idir grád AD 5 agus grád AD 16 a bhíonn i gceist i ngairmréim an riarthóra.
Is é AD 5 an grád tosaigh do chéimithe ollscoile de ghnáth. I bhformhór na gcásanna, níl aon taithí oibre ag teastáil.
D'fhéadfaí thú a roghnú agus a earcú freisin ag grád AD 5 / AD 6 / AD 7 i róil lena mbaineann speisialtóireacht níos mó. Beidh roinnt blianta de thaithí ábhartha ag teastáil sna róil sin.
Gráid mheánbhainistíochta iad na gráid AD 9 / AD 12. Ní féidir duine a roghnú/earcú ag an ngrád sin mura bhfuil taithí bainistíochta aige cheana.