Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cad is ‘bord roghnúcháin’ ann ?

Question categories:

 

Bíonn bord roghnúcháin dá chuid féin ag gach próiseas roghnúcháin (comórtas) d’oifigigh bhuana an Aontais. Oifigigh ó institiúidí agus ó chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a ndéanann EPSO fónamh dóibh a bhíonn ar gach bord roghnúcháin. Tagann oifigigh isteach sa bhord roghnúcháin ar bhonn deonach, tar éis glao tiomnaithe ar léiriú spéise. Ainmníonn a n-eagraíocht tionscnaimh comhaltaí an bhoird roghnúcháin go foirmiúil. Ní mór dóibh gan aon choinbhleacht leasa a bheith acu maidir lena gcomórtas chun go ndeimhneofar gur comhaltaí den bhord roghnúcháin iad.

I gcás comórtais a fhoilseofar go dtí an 31 Nollaig 2022, is comhaltaí buana agus comhaltaí neamhbhuana, de ghnáth, a bhíonn ar na boird roghnúcháin. Is é is comhalta buan ann oifigeach de chuid an Aontais Eorpaigh a thugtar ar iasacht do EPSO óna eagraíocht tionscnaimh ar feadh tréimhse 2 nó 4 bliana de ghnáth. Is é is comhalta neamhbhuan ann oifigeach de chuid an Aontais Eorpaigh a gceapann a eagraíocht tionscnaimh é chuig comórtas ar leith mar gheall ar a shaineolas teicniúil nó teanga, mar shampla. I gcás comórtais a fhoilseofar tar éis an 1 Eanáir 2023, ní bheidh comhaltaí buana ar bhoird roghnúcháin ar bhonn córasach a thuilleadh. De réir a chéile, ní bheidh ach comhaltaí neamhbhuana ar na boird roghnúcháin.

Cuirtear oiliúint ar chomhaltaí ainmnithe an bhoird roghnúcháin maidir le modheolaíochtaí roghnúcháin agus measúnaithe sula dtéann siad i mbun a ndualgas agus leanann siad de bheith ag fáil oiliúint agus treoir shonrach ó fhoireann síceolaithe EPSO le linn chéimeanna éagsúla a gcomórtais.

Is iad na boird roghnúcháin a chinneann deacracht na dtrialacha comórtais agus a fhaomhann a n-ábhar. Measann siad cé acu a chomhlíonann nó nach na gcomhlíonann na hiarrthóirí na critéir incháilitheachta shonracha, cuireann siad buanna na n-iarrthóirí i gcomparáid le chéile agus roghnaíonn siad na hiarrthóirí is fearr i bhfianaise na gceanglas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Tá imeachtaí na boid roghnúcháin faoi rún agus éascaíonn EPSO a gcuid oibre.