Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cad is ‘fógra comórtais’ ann?

Question categories:

Is trí chomórtais oscailte a eagrú a roghnaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh iarrthóirí ar chonarthaí buana. Fógraítear gach ceann de na comórtais sin trí fhógra comórtais a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ar shuíomh gréasáin EPSO. San fhógra comórtais, tá cur síos iomlán ar an bpróifíl atá á lorg, ar na bunriachtanais oideachais, (agus in amanna an taithí oibre) agus tá léiriú ann ar na trialacha agus ar na cleachtaí measúnaithe (atá ceaptha chun d’inniúlachtaí gairmiúla agus príomhinniúlachtaí áirithe a mheas) a bheidh ar siúl le linn an chomórtais. Tá eolas agus treoracha san fhógra comórtais freisin faoi conas iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas oscailte. De ghnáth, foilsítear an fógra comórtais ar an gcéad lá den tréimhse iarratais.

I ngeall ar an líon mór iarrthóirí a chuireann isteach ar na comórtais, measann EPSO gurb é sin an dóigh is cothroime agus is trédhearcaí dá bhfuil ann le hiarrthóirí a roghnú. Ní chuirfear iarratais gan choinne san áireamh mar sin.