Catagóirí ceisteanna:
Nuair a thagann folúntais chun cinn, cíorann na hinstitiúidí próifílí na n-iarrthóirí ar éirigh leo chun teacht ar na daoine is mó a oireann dá bhfuil á lorg acu (ó thaobh oideachais, taithí oibre agus scileanna teanga de).
Chomh maith leis sin, féadfaidh na hinstitiúidí a thogradh na folúntais atá ar fáil a fhoilsiú d’iarrthóirí ar éirigh leo sna próisis roghnúcháin lena mbaineann trína gcuntas EPSO.
Féadfaidh na hinstitiúidí cuireadh chun agallaimh a thabhairt do na hiarrthóirí ar éirigh leo agus, ag brath ar an agallamh sin, féadfaidh siad post a thairiscint dóibh. Ar chúiseanna praiticiúla, d'fhéadfadh sé go mbeadh ar iarrthóirí dul faoi scrúdú leighis sula ndéanfaí aon chinneadh i dtaca le post a thairiscint dóibh.