Catagóirí ceisteanna:
- Is cásanna ficseanúla ach réalaíocha ón ionad oibre iad na cásanna a mbeidh tú ag obair orthu.
- Beidh ort cur amach a bheith agat ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh agus ar institiúidí an Aontais, sa chaoi gur féidir leat comhthéacs an cháis a thuiscint gan mhoill.
- Cuir do charachtar féin i láthair (léirigh na tréithe is fearr atá agat) agus déan iarracht sult a bhaint as an lá a oiread agus is féidir.
- Coinnigh d'aire ar do sprioc agus ar bheith díograiseach ó thús deireadh an lae.
- Glac páirt ghníomhach sna trialacha idirghníomhacha.
- Léigh nó éist leis na treoracha uile go haireach, teorainneacha ama san áireamh.
- Ná tabhair freagra go dtí go mbeidh tú cinnte go dtuigeann tú na ceisteanna mar is ceart.