Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Bhain fadhb le ceann de na ceisteanna ilrogha: cad is féidir liom a dhéanamh?

Má tá amhras mór ort faoin méid atá i gceann de na ceisteanna i dtriail, déan teagmháil linn trí shuíomh gréasáín EPSO amháin (Seirbhís Teagmhála d’Iarrthóirí) laistigh de 3 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire, déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a shíleann tú atá ann. Luaigh d'uimhir iarrthóra freisin (féach Iarscríbhinn chomhfhreagrach an fhógra chomórtais).

Más léir nach bhfuil ceist áirithe ag teacht leis na dianchritéir cháilíochta atá ag EPSO, ainneoin dianchóras rialaithe cáilíochta a bheith i bhfeidhm, déanfar na bearta ceartaitheacha seo a leanas:

  • Déanfar an cheist áirithe a cheartú nó a bhaint as an mbunachar
  • Déanfar an cheist a chur ar ceal a (“neodrú”) agus déanfar na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile.
  • Má chuirtear an nós imeachta neodrúcháin i bhfeidhm, déanfar na torthaí a leasú dá réir, agus cuirfear an marc "N" leo.