Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cén fáth a bhfuil an marc a ghnóthaigh mé sna réamhthrialacha chomh híseal sin?

Question categories:

Ar an gcéad dul síos, fiú má bhíonn tú cinnte faoi conas is ceart an triail a rinne tú a mharcáil, tá an chinnteacht phearsanta sin suibiachtúil agus ní féidir glacadh léi in áit mheasúnú an Bhoird Roghnúcháin. Ní hionann an chinnteacht sin agus fianaise dhoshéanta go ndearna an Bord earráid fhollasach.

Is féidir cúiseanna éagsúla a bheith leis an marc a thug an Bord Roghnúcháin, marc a bhíonn bunaithe ar chritéir meastóireachta réamhshocraithe agus ar nótaí tráchta an mharcálaí:

I gcás trialacha aistriúcháin baintear marcanna astu seo:

  • Easnaimh
  • Botúin tuisceana, gramadaí, téarmaíochta, réime
  • Deacrachtaí éirim an tsleachta a chur in iúl
  • Easnaimh i stór focail an aistriúcháin
  • An t-aistriúchán gan a bheith iomlán
  • etc.

Is ceart duit an méid seo a chur san áireamh, ó thaobh dlí de:

  • Is iondúil nach mbíonn ainmneacha luaite leis na trialacha agus iad á marcáil agus gur marcálaithe cáilithe a dhéanann an mharcáil, de réir scéim mharcála
  • Tugtar treoracha dochta maidir le cáilíocht do na marcálaithe
  • Baintear marcanna as botúin (i gcás trialacha aistriúcháin)