Catagóirí ceisteanna:
Is éard atá sa scagadh buanna, céim den phróiseas iontrála ina ndéantar roghnú ar bhonn an eolais a thug an t-iarrthóir i roinn an scagthóir buanna den fhoirm iarratais; os a choinne sin, is éard atá san agallamh eolasbhunaithe agallamh struchtúrtha atá bunaithe ar an eolas a tugadh sa scagaire buanna agus arb é is aidhm dó inniúlachtaí sonracha an iarrthóra a mheas. Dá bhrí sin, ní gá gurb ionann marc ard a ghnóthú sa scagthóir buanna agus marc ard a ghnóthú san agallamh arae triail ar leith is ea an t-agallamh struchtúrtha.