Catagóirí ceisteanna:
Is comórtas do ghinearálaithe an comórtas seo. Ciallaíonn sin nach post ar leith atá i gceist ach poist le haghaidh riarthóirí ar féidir leo bheith ag obair i gceann ar bith de na réimsí beartais a mbíonn an tAontas ag plé leo.
Má earcaítear thú de thoradh an chomórtais seo beidh tú ag obair in institiúidí an Aontais mar bhall d'fhoireann i gceann de na réimsí oibre seo:
1. ceapadh beartas
2. cur i bhfeidhm praiticiúil
3. bainistiú acmhainní
Reference number: