Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cé na rialacha iompraíochta maidir leis an Ionad Measúnaithe?

Aon duine nach gcomhlíonann na rialacha iompraíochta seo a leanas, cuirfear amach as an Ionad Measúnaithe é agus dícháileofar é ón gcuid eile den phróiseas roghnúcháin.

An tIonad Measúnaithe Cianda:

  • Lean na treoracha a fuair tú sa chuireadh
  • Ní mór na trialacha a dhéanamh gan aon áis ná trealamh d’aon saghas de chúnamh agat
  • Ach amháin má deirtear a mhalairt leat le haghaidh trialacha sonracha, bíodh an deasc saor agat ó gach rud a bhfuil toirmeasc air (mar shampla, páipéar agus peann, leabhair, nótaí, treoracha, áireamháin, ríomhairí, ríomhairí glúine, táibléid, fóin phóca, ceamaraí, gléas ar bith lenar féidir íomhánna, fuaim, nó físeán a ghabháil, etc.)

A bheith i láthair go fisiciúil ag an Ionad Measúnaithe:

  • Is ceart duit aon treoir ó fhoireann an Ionaid Measúnaithe a leanúint an t-am ar fad.
  • Ní ceadmhach bia ná deochanna a thabhairt isteach ach sa seomra feithimh.
  • Ní mór na trialacha a dhéanamh gan aon áis ná trealamh d’aon saghas de chúnamh agat, seachas iad sin a chuirfear ar fáil duit san ionad tástála.
  • Na rudaí ar fad a bhfuil toirmeasc orthu (mar shampla, páipéar agus pinn, leabhair, leacht ceartúcháin, nótaí, treoracha, málaí cáipéisí, málaí, áireamháin, ríomhairí, ríomhairí glúine, táibléid, fóin phóca, ceamaraí, gléas ar bith lenar féidir íomhánna, fuaim, nó físeán a ghabháil, etc.), ní mór iad sin a fhágáil sna taisceadáin a chuirfear ar fáil. (Aon ghléas a chuireann fuaim as, ní mór é a chasadh as).
  • Tá diantoirmeasc ar chaitheamh tobac.
  • Chomh maith leis sin, má iompraíonn tú tú féin ar dhóigh atá drochbhéasach, dímheasúil, nó bagrach i leith baill foirne den Ionad Measúnaithe nó i leith iarrthóirí eile, is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas thú.