Catagóirí ceisteanna:
Is mór ag EPSO an inrochtaineacht. Bímid ag síorfhéachaint le feabhas a chur ar an dóigh a ndéanaimid cumarsáid agus ar ár bpróisis roghnúcháin.
Ach más amhlaidh a bhíonn deacrachtaí agat a bhaineann le do chuntas EPSO nó shuíomh gréasáin EPSO a rochtain, iarraimid ort teagmháil a dhéanamh linn láithreach agus na deacrachtaí a mhíniú dúinn agus do chuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl dúinn.
Is mór ag EPSO aiseolas a fháil arae cuidíonn aiseolas linn feabhas a chur ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil trína ndéanamh inrochtana ag cách.
Má tá tuilleadh eolais uait faoin obair a dhéanann EPSO chun a chuid seirbhísí a dhéanamh níos inrochtana gabh chuig an leathanach gréasáin comhdheiseanna atá againn.