Ceisteanna coitianta

Home > Ceisteanna coitianta > General > Tá mé faoi mhíchumas agus bhí deacrachtaí agam suíomh gréasáin EPSO a rochtain agus/nó bhí deacrachtaí agam le linn an phróisis roghnúcháin a raibh mé páirteach ann. Cé leis ar ceart dom dul i dteagmháil chun mo chuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl?

Tá mé faoi mhíchumas agus bhí deacrachtaí agam suíomh gréasáin EPSO a rochtain agus/nó bhí deacrachtaí agam le linn an phróisis roghnúcháin a raibh mé páirteach ann. Cé leis ar ceart dom dul i dteagmháil chun mo chuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl?

Is mór ag EPSO an inrochtaineacht. Bímid ag síorfhéachaint le feabhas a chur ar an dóigh a ndéanaimid cumarsáid agus ar ár bpróisis roghnúcháin.

Ach más amhlaidh a bhíonn deacrachtaí agat a bhaineann le do chuntas EPSO nó shuíomh gréasáin EPSO a rochtain, iarraimid ort teagmháil a dhéanamh linn láithreach agus na deacrachtaí a mhíniú dúinn agus do chuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl dúinn.

Is mór ag EPSO aiseolas a fháil arae cuidíonn aiseolas linn feabhas a chur ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil trína ndéanamh inrochtana ag cách.

Má tá tuilleadh eolais uait faoin obair a dhéanann EPSO chun a chuid seirbhísí a dhéanamh níos inrochtana gabh chuig an leathanach gréasáin comhdheiseanna atá againn.

Ar chuidigh an freagra seo leat?

D'aimsigh Níor aimsigh