Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cad é an cur chuige atá ag EPSO chun comhdheiseanna a chinntiú?

Déantar grinnanailís ar thrialacha uile EPSO, agus ar an gcaoi a marcáiltear iad, chun a chinntiú go bhfuil siad féaráilte agus nach mbeidh aon dream ar leith faoi mhíbhuntáiste dá ndroim. Tá EPSO de réir a chéile ag cinntiú go bhfuil a chuid próiseas roghnúcháin i gcomhréir leis an gCaighdeán ISO nua maidir le Próisis Measúnúcháin, agus cheana féin comhlíonann próisis roghnúcháin EPSO Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas.

Príomhghné den chothroime is ea cothromaíocht inscne, agus bíonn EPSO ar a dhícheall ag iarraidh líon cothrom fear agus bean a mhealladh chun páirt a ghlacadh sna comórtais, agus painéal cothrom d'iarratasóirí, idir fhir agus mhná, a roghnú. I gcás próifílí áirithe, ní hionann an líon iarratas a fhaightear ó fhir agus ó mhná . Ar an iomlán, áfach, is ionann den chuid is mó an líon iarratas a fhaightear ó fhir agus ó mhná. Sa chomórtas ginearálta AD is déanaí a reáchtáladh, fir a bhí i 50% de na hiarrthóirí ar éirigh leo agus mná a bhí sa 50% eile.