Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An bhfuil cead agam mo chuid foclóirí a úsáid sna trialacha?

Ní chuirtear aon fhoclóirí ar fáil sna hionaid trialacha, ach i gcás cuid de na trialacha aistriúcháin (má tá sin luaite go sonrach san fhógra comórtais) bíonn cead ag iarrthóir a gcuid foclóirí a thabhairt isteach.
 
Ní cheadaítear ach foclóirí ar leabhair iad, gan aon duilleoga scaoilte. Ba cheart na foclóirí a bheith gan mharc agus gan aon nótaí ná gluaiseanna lámhscríofa.
 
Ní ghlactar foclóirí leictreonacha. Ní cheadaítear ábhar scríofa, priontáilte (ón idirlíon, mar shampla) ná fótachóipeáilte. Ní ghlactar leabhair, paimfléid ná aon saothair thagartha eile.
 
Ní mór bheith ag an ionad trialacha in am mar go ndéanfar seiceáil slándála ar na foclóirí.