Catagóirí ceisteanna:
Is mar seo a leanas a dhéanfaidh EPSO do theangacha a mheasúnú:
- déanfar an teanga atá roghnaithe agat mar theanga 1 (ceann amháin de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar leibhéal C1 ar a laghad) a thástáil trí cheisteanna ilrogha a chur ort sna trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí
- déanfar an teanga atá roghnaithe agat mar theanga 2 (an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis ar leibhéal B2 ar a laghad) a thástáil trí cheisteanna ilrogha a chur ort sa triail tuisceana teanga.
Tá tuilleadh eolais faoi na trialacha thuas foilsithe ar an leathanach trialacha samplacha.
I dtaca le haon triail bhreise amhail trialacha aistriúcháin, is iad na seirbhísí earcaíochta a eagróidh na trialacha sin, más gá.