Catagóirí ceisteanna:
Má fuair tú cuireadh foirm iarratais a líonadh isteach, ní mór duit na céimeanna seo a leanas a thabhairt:
- Logáil isteach i do chuntas EPSO.
- Faoi "Applications", cliceáil ar d'uimhir iarrthóra (cló gorm). Tabharfaidh an nasc sin thú chuig an bhfoirm iarratais a chuir tú isteach mar chuid de chéad chéim an chlárúcháin. D’fhéadfadh d'iarratas a bheith gar do bhun liosta na n-iarratas i do chuntas EPSO, faoi na hiarratais bhailíochtaithe
- Líon isteach d'fhoirm iarratais mar seo a leanas:
- Faoin gclib "Registration data": luaigh na teangacha a roghnaigh tú mar theanga 1 agus teanga 2 sa chomórtas seo;
- Faoin gclib "My Profile": líon isteach an réimse maidir le hoideachas agus oiliúint (éigeantach) agus an réimse maidir le taithí oibre (má bhaineann sé le hábhar);
- Cuir isteach an t-eolas is gá faoin gclib "Spreagadh agus Buanna"
- Bailíochtaigh d'iarratas arís
Ní mór an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a bhailíochtú arís faoin 23.07.2019 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.