Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cé acu méarchlár a úsáidfidh mé do na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire?

Question categories:

Níl méarchlár de dhíth ort le haghaidh na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire, trialacha an inbhosca ríomhphoist san áireamh.

I dtaca le trialacha ar gá méarchlár a úsáid lena n-aghaidh, tabharfar tuilleadh eolais sa litir chuiridh ina leith. I dtaca leis an gcás-staidéar, an triail scríofa sa réimse lena mbaineann agus an triail aistriúcháin, tabharfar méarchlár duit a oireann don teanga ina scríobhfaidh tú do théacs (más gá duit scríobh i mBéarla, gheobhaidh tú méarchlár QWERTY UK, más gá duit scríobh sa Ghearmáinis, gheobhaidh tú méarchlár QWERTZ DE... etc.).

Is féidir féachaint ar leagan amach na méarchlár anseo.

Ní féidir méarchlár eile a iarraidh. Is i gcás teangacha sonracha amháin (BG agus NL) a iarrfar ort an méarchláir is fearr leat a roghnú atá ar fáil do na teangacha sin.

Sula gcuirfidh tú tús leis an triail, déan deimhin de gur tugadh an méarchlár ceart duit.