Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cén cineál cáilíochtaí gairmiúla a theastaíonn uaim?

Question categories:

Is féidir go n-iarrfar taithí oibre freisin i réimse an phoist.

Chun go gcuirfear do thaithí oibre san áireamh, ní mór fíorchaidreamh oibre a bheith ann de réir mar a shainmhínítear sna heilimintí seo a leanas:

  • fíorobair a bhí inti,
  • a bhfuarthas pá aisti, agus
  • bhí tú i d'fhostaí (ar aon chineál conartha), nó bhí tú i do sholáthraí seirbhíse.

Ní chuirfear do thaithí oibre san áireamh ach amháin má bhí baint ag an obair a rinneadh leis na dualgais a bhfuil cur síos orthu i bhfógra an chomórtais nó sa ghlao ar léirithe spéise.

Cuirfear do thaithí oibre san áireamh mar a leanas:

  • Obair ar aon chonradh a raibh pá leis (fostaí, féin-fhostaí, státseirbhíseach, fiontraí, saorchomhairleoir etc.)
  • Obair dheonach: ní chuirfear obair dheonach san áireamh ach amháin má bhí cúiteamh ag dul léi. Ní mór obair dheonach a bheith inchomparáide le hobair lánaimseartha, de réir uaireanta oibre a rinneadh agus fhad na hoibre.
  • Intéirneacht: cuirfear intéirneachtaí san áireamh más intéirneachtaí ar pá iad.
  • Seirbhís mhíleata éigeantach: cuirfear san áireamh tréimhse seirbhíse míleata éigeantaí nach faide ná fad dlíthiúil na seirbhíse míleata éigeantaí sin sa Bhallstát ar náisiúnach de thú. (Is féidir an tseirbhís mhíleata a dhéanamh sula bhfaighidh tú an cháilíocht a theastaíonn le cur isteach ar an gcomórtas, nó ina dhiaidh sin).
  • Saoire mháithreachais / saoire tuismitheora / saoire chun páiste a uchtú: cuirfear an tsaoire sin san áireamh más faoi chuimsiú conartha oibre atá sí. Más amhlaidh a tharlóidh a thitfidh an t-imeacht amach (breith nó uchtú) le linn duit a bheith dífhostaithe, ní chuirfear an tsaoire a bhaineann leis sin san áireamh. 
  • Dochtúireacht: comhshamhlaítear dochtúireachtaí le taithí oibre, fiú amháin nuair nach dochtúireachtaí ar pá iad agus ar feadh uastréimhse trí bliana, ar choinníoll gur baineadh an dochtúireacht amach go rathúil.
  • Obair pháirtaimseartha: ríomhfar obair pháirtaimseartha ar bhonn pro rata de réir an ama a caitheadh ag obair. Mar shampla, má bhíonn sé mhí d'obair leath-ama déanta agat, measfar gur mhair an taithí oibre sin trí mhí.

Ní chuirfear an taithí oibre sin san áireamh ach amháin má fuarthas í tar éis duit an dioplóma a fháil a theastaíonn le cur isteach ar an gcomórtas.