Catagóirí ceisteanna:
Má bhailíochtaíonn tú d'iarratas faoin sprioc-am, tabharfar cuireadh duit sraith de réamhthrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d'ionaid chreidiúnaithe EPSO. Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
- Trialacha ceisteanna ilrogha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí ar ríomhaire (sa teanga a roghnóidh tú mar theanga 1) agus
- Trialacha ceisteanna ilrogha scileanna gairme ar ríomhaire (Cruinneas agus beachtas agus Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán) (sa teanga a roghnóidh tú mar theanga 2)
Má ghnóthaíonn tú na pasmharcanna i ngach ceann de na réamhthrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire agus má bhíonn an marc a ghnóthóidh tú ar cheann de na marcanna foriomlána is airde sa dá thriail scileanna gairme, tabharfar cuireadh duit triail scileanna Microsoft Office Word ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh sa teanga a roghnóidh tú mar theanga 2.
Féach freisin na trialacha samplacha (‘Cúntóirí (AST-SC)’) chun tuilleadh eolais a fháil.