Má bhíonn fadhb ann le linn trialacha ar a ndéantar feitheoireacht chianda, déan cinnte de go leanann tú na treoracha mionsonraithe a thugtar i do chuireadh, an méid seo a leanas san áireamh:
- cuir an feitheoir ar an eolas tríd an ngné LIVE PROCTOR (agus tú i mbun an scrúdaithe) nó cuir gníomhaire Prometric ar an eolas tríd an nasc comhrá chun an fhadhb a réiteach, agus iarr air tuairisc i scríbhinn ar an bhfadhb a thaifeadadh AGUS
- cuir EPSO ar an eolas i scríbhinn laistigh den sprioc-am sna treoracha i do chuireadh tríd an bhfoirm theagmhála ar líne, agus cur síos gairid ar an bhfadhb agus na doiciméid tacaíochta ábhartha san áireamh. Is gá EPSO a chur ar an eolas i ngach aon chás (agus nuair a dheimhníonn an conraitheoir aon ghníomhaíocht leantach).