Ní féidir. Beidh ort iarratas a chur isteach in aghaidh na próifíle agus/nó in aghaidh an ghrúpa feidhme.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na próifílí agus na grúpaí feidhme, féach: Baill foirne ar conradh (CAST Buan) | EU Careers (europa.eu)
Ní féidir. Beidh ort iarratas a chur isteach in aghaidh na próifíle agus/nó in aghaidh an ghrúpa feidhme.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na próifílí agus na grúpaí feidhme, féach: Baill foirne ar conradh (CAST Buan) | EU Careers (europa.eu)
Ba cheart d’iarrthóirí a bheith in ann a chruthú, trí dhoiciméid tacaíochta, na héilimh a rinneadh ina bhfoirm iarratais (maidir lena gcáilíochtaí, taithí, eolas ar theangacha, etc.). Cuirfidh na seirbhísí earcaíochta na hiarrthóirí ar an eolas faoi na doiciméid a bheidh le cur i láthair acu (cóipeanna nó bunchóipeanna) agus cén uair a bheidh siad le cur i láthair acu. Féadfar é sin a dhéanamh ag céim na dtrialacha earcaíochta agus/nó roimh an earcú féin.
Ní féidir le EPSO eolas a thabhairt faoi na rialacha is infheidhme i seirbhísí earcaíochta éagsúla ó thaobh na ndoiciméad tacaíochta. Ba cheart na nithe seo a leanas a mheas mar léiriú neamhcheangailteach, agus mar sin amháin, ar na ceanglais a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm:
Ní shainítear sa ghlao ar léiriú spéise (féach Roinn 3) ach na bunriachtanais maidir le cáilíocht agus taithí, rud atá le fáil freisin i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile. Déanfaidh na seirbhísí earcaíochta na riachtanais shonracha a shainiú i gcomhréir lena riachtanais agus lena bhfolúntais. Déanfaidh na seirbhísí earcaíochta measúnú ar incháilitheacht na n-iarrthóirí ar bhonn na faisnéise a chuirfear ar fáil san fhoirm iarratais agus ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta a iarrfaidh siad ar an iarrthóir a chur ar fáil. Féadfar é sin a dhéanamh ag céim na dtrialacha earcaíochta agus/nó roimh an earcú féin.
Ní féidir le EPSO eolas a thabhairt faoi na rialacha is infheidhme i seirbhísí earcaíochta éagsúla agus é ag déanamh measúnú ar cháilíochtaí agus/nó taithí na n-iarrthóirí. Ba cheart na nithe seo a leanas a mheas mar léiriú neamhcheangailteach, agus mar sin amháin, ar na ceanglais a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm.
Cáilíochtaí oideachais
Ní mór céimeanna, dioplómaí agus/nó teastais a bheith aitheanta ag údarás inniúil de chuid Bhallstáit den Aontas Eorpach, cibé acu i dtír den Aontas Eorpach nó i dtír lasmuigh de a eisíodh iad.
Taithí oibre
Chun gur féidir taithí oibre a chur san áireamh, de ghnáth ní mór na coinníollacha ginearálta seo a leanas a chomhlíonadh:
(a) Ní mór an taithí a bheith faighte tar éis don iarrthóir an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais a bhaint amach;
(b) Ní mór fíorobair éifeachtach a bheith inti;
(c) Ní mór pá a bheith ag gabháil léi;
(d) Ní mór caidreamh gairmiúil a bheith ag baint leis, i.e. an t-iarrthóir a bheith ina chuid de struchtúr eagraíochtúil nó a bheith ag soláthar seirbhíse;
(e) Ní mór cloí leis na critéir ábhartha atá sainithe san fhógra comórtais.
Féadfar an taithí oibre atá liostaithe thíos a mheas i bhfianaise rialacha sonracha, mar shampla:
(a) I gcás obair dheonach, tuigfear gur ‘pá’ aon ranníocaíocht a fuarthas, aisíocaíocht costas agus cumhdach árachais san áireamh. Thairis sin, ní mór uaireanta seachtainiúla oibre agus fad ama seachtainiúil oibre ar aon dul le gnáth-phost a bheith i gceist i gcás obair dheonach.
(b) I gcás tréimhsí oiliúna, tuigfear gur ‘pá’ aon ranníocaíocht a fuarthas, aisíocaíocht costas agus cumhdach árachais san áireamh. Tréimhse oiliúna éigeantach atá ina cuid de chlár staidéir, féadfar é a chur san áireamh ar choinníoll (i) go dtugtar faoin tréimhse oiliúna tar éis an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais a bhaint amach, agus (ii) go bhfuil pá ag dul leis an tréimhse oiliúna.
(c) Tréimhse oiliúna éigeantach atá ina cuid de chlár chun clárú le comhlachas gairmiúil chun an ceart chun gairm a chleachtadh a bhaint amach (mar shampla, cead ballraíochta i gcomhlachas bharra na ndlíodóirí a bhaint amach), nó atá ina réamhchoinníoll le clárú den chineál sin, féadfar í a chur san áireamh cibé acu a bhí pá ag dul leis an obair. I gcás nach raibh pá ag dul leis an obair, áfach, ní fhéadfar an tréimhse oiliúna a chur san áireamh ach amháin ar choinníoll gur cuireadh an clár i gcrích go rathúil agus go bhfuarthas an ceart chun an ghairm a chleachtadh. I ngach cás, is í an íostréimhse éigeantach amháin a chuirfear san áireamh.
(d) Seirbhís mhíleata éigeantach a rinneadh sula bhfuair an t-iarrthóir an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais nó tar éis dó an cháilíocht sin a fháil, cuirfear san áireamh í fiú mura gcomhlíonann sí na critéir ábharthachta atá sainithe san fhógra comórtais, ach tréimhse nach faide ná an fad éigeantach sa Bhallstát lena mbaineann amháin a bheith i gceist.
(e) Féadfar saoire mháithreachais, atharthachta, altramais nó tuismitheora a chur san áireamh ar choinníoll gur cumhdaíodh le conradh oibre í.
(f) I gcás staidéir dhochtúireachta, ní bheidh fad na tréimhse a chuirfear san áireamh os cionn trí bliana, ar choinníoll gur baineadh an dochtúireacht amach agus cibé acu a bhí pá ag dul leis an obair nó nach raibh.
(g) I gcásanna obair pháirtaimseartha, ríomhfar an tréimhse a chuirfear san áireamh ar bhonn pro rata, e.g. is 3 mhí a áireofar i gcás obair ar leath-am le linn 6 mhí.
Féach an fógra comórtais nó an glao ar léiriú spéise a ghabhann leis an bpróiseas roghnúcháin a bhfuil tú páirteach ann más mian leat líon ceisteanna, fad ama agus pasmharc na dtrialacha a fháil amach.
Is go cianda a eagraítear gach triail EPSO agus a dhéantar feitheoireacht orthu. Féach na Riachtanais TF maidir le pas a fháil i dtrialacha EPSO a ndéantar feitheoireacht chianda orthu. Tá eolas sonrach maidir le húsáid ríomhairí corparáideacha le haghaidh trialacha ar líne ar fáil freisin. Tugtar treoracha mionsonraithe le haghaidh na dtrialacha a ndéantar feitheoireacht chianda orthu in éineacht leis an gcuireadh chun na dtrialacha trí chuntas EPSO na n-iarrthóirí.
Bíonn folúntais ann do bhaill foirne ar conradh i réimse leathan post, agus bíonn cáilíochtaí difriúla de dhíth ag brath ar an bpost. Tá ceithre ghrúpa feidhme ann:
Beidh na dualgais shonracha ag brath ar an bpróifíl a bhfuil spéis agat inti. Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGlao ar Léiriú Spéise le haghaidh samplaí mionsonraithe de na dualgais de réir próifíle.
Earcaítear baill foirne ar conradh ar feadh tréimhse theoranta, ar chonradh tosaigh 6-12 mhí.
I gcomhlachtaí áirithe de chuid an Aontais, is féidir an conradh a athnuachan go ceann tréimhse éiginnte.
Aistríodh gach iarratas ar EPSO/CAST/P/1-4/2015 (CAST le haghaidh Gníomhaireachtaí Feidhmiúcháin) arna bhailíochtú faoin 25.11.2016 (meán lae, am na Bruiséile) go huathoibríoch chuig CAST Buan (EPSO/CAST/P/1-4/2017).
Má d’éirigh leat sna trialacha roghnúcháin a d’eagraigh EPSO le haghaidh EPSO/CAST/P/1-4/2015, tá do chuid torthaí bailí fós.
Ach amháin i gcás CAST Buan le haghaidh baill foirne ar conradh (féach tuilleadh eolais faoin bpróiseas roghnúcháin sin), ní féidir iarratas a athrú i ndiaidh a bhailíochtaithe ós rud é go bpróiseálfaidh EPSO na sonraí láithreach.
Le haghaidh CAST Buan:
Is féidir d’iarrata(i)s le haghaidh phróiseas roghnúcháin CAST Buan a athrú agus is féidir CV a uaslódáil chuig do chuntas EPSO nó é a thabhairt cothrom le dáta tráth ar bith.
Ná déan dearmad d’iarrata(i)s a thabhairt cothrom le dáta gach 6 mhí ar a laghad más mian leat leanúint de bheith infheicthe ag na seirbhísí earcaíochta. Beidh feidhm aige sin cibé acu atá pas faighte agat sna trialacha nó nach bhfuil.
Ní hionann iarratas a dhéanamh ar phróiseas roghnúcháin CAST Buan agus é a bheith ina scéal cinnte go dtabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh. Is do na hiarrthóirí sin a chuirfidh seirbhísí earcaíochta ar ghearrliosta, agus dóibh siúd amháin, a dtabharfar cuireadh na trialacha roghnúcháin a dhéanamh, nuair a bheidh gá le fostaithe nua.
Seo a leanas céimeanna an phróisis roghnúcháin:
Cuardóidh na seirbhísí earcaíochta bunachar sonraí na n-iarrthóirí cláraithe uile agus cuirfidh siad ar ghearrliosta líon áirithe de na hiarrthóirí a oireann do riachtanais shonracha na seirbhíse. Déan deimhin de go dtabharfaidh tú d’iarratas cothrom le dáta gach 6 mhí ionas go bhfeicfear sa bhunachar thú agus go bhféadfar teacht ort ann.
Is do na hiarrthóirí atá ar an ngearrliosta, agus dóibh siúd amháin, a thabharfar cuireadh coinne a dhéanamh chun triail roghnúcháin a dhéanamh arna heagrú ag EPSO, agus is tríd a gcuntas EPSO a dhéanfar sin.
Déan seiceáil ar do chuntas EPSO gach trí lá féilire ar a laghad chuige sin. An lá a osclaítear an tréimhse déanta coinní, gheobhaidh tú cuireadh chun dáta le haghaidh na trialach a chur in áirithe, ach tú a bheith curtha ar an ngearrliosta. Go ginearálta, an nasc chuig an leathanach le haghaidh coinne a dhéanamh, ní bheidh sé gníomhach ach ar feadh roinnt laethanta. Beidh tú in ann dáta trialach a roghnú ó raon dátaí a chuirfear ar fáil don tréimhse go díreach tar éis na tréimhse déanta coinní.
Na dátaí táscacha le haghaidh na dtréimhsí chun coinní agus trialacha a dhéanamh, foilsítear iad ar na leathanaigh próifílí ar ár suíomh gréasáin.
Mura gcuirfidh tú dáta in áirithe le haghaidh na trialach nó má chuireann tú an choinne ar ceal, ní thabharfar cuireadh arís duit go huathoibríoch an triail chéanna a dhéanamh. Is féidir go réamhroghnófar thú tráth níos faide anonn i bpróiseas roghnúcháin eile.
Is ar na seirbhísí earcaíochta atá an cúram iarrthóirí a chuardach agus a réamhroghnú. Níl de chúram ar EPSO ach cuireadh a thabhairt d’iarrthóirí na trialacha a chur in áirithe, agus na trialacha roghnúcháin a reáchtáil.
Na hiarrthóirí a gcuirfidh na seirbhísí earcaíochta ar ghearrliosta iad, tabharfar cuireadh dóibh sraith trialacha réasúnaíochta a dhéanamh i bhformáid ceisteanna ilrogha. Is sa teanga a roghnaigh na hiarrthóirí mar theanga 1 a dhéanfaidh siad na trialacha sin. Is feitheoireacht chianda a dhéantar ar na trialacha. Tuilleadh eolais
Más rud é go n-éireoidh leat sna trialacha arna n-eagrú ag EPSO, féadfaidh an tseirbhís earcaíochta a iarraidh ort tuilleadh trialacha a dhéanamh a mheasann sí a bheith ábhartha don phost, amhail triail dréachtaithe, triail tiomána, triail teanga, etc. Cuirfidh na seirbhísí earcaíochta gach eolas faoi na trialacha sin ar fáil.
Féach na trialacha samplacha (‘Baill foirne ar Conradh’) chun tuilleadh eolais a fháil.
Gheobhaidh tú torthaí na dtrialacha roghnúcháin trí do chuntas EPSO tuairim is coicís i ndiaidh dheireadh na tréimhse ina ndearna tú na trialacha.
Eagraítear tréimhsí tástála go rialta i rith na bliana. Féach an amlíne atá ar fáil ar gach leathanach tiomnaithe den phróifíl.
Bíonn líon ard iarratas i gceist le próiseas roghnúchán CAST Buan. Mar sin féin, ní dhéanann na seirbhísí earcaíochta ach líon áirithe iarrthóirí a réamhroghnú agus a chur ar ghearrliosta a bhfuil a bpróifílí oiriúnach do riachtanais na seirbhísí earcaíochta.
Ní hamhlaidh. Ní fheicfidh na seirbhísí earcaíochta ach cé acu pas nó teip a fuair tú sna trialacha.
Is agatsa amháin a bheidh an marc le feiceáil, trí do chuntas EPSO.
Má éiríonn leat sna trialacha roghnúcháin arna n-eagrú ag EPSO (na trialacha réasúnaíochta), tabharfaidh an tseirbhís earcaíochta cuireadh duit chun agallaimh agus/nó trialacha eile.
10 mbliana is ea tréimhse bhailíochta thorthaí na dtrialacha réasúnaíochta (ón dáta a fhoilsítear na torthaí i do chuntas EPSO).
Bíonn na torthaí bailí i gcónaí le haghaidh an ghrúpa feidhme a ndearna tú trialacha ina leith agus le haghaidh aon ghrúpa feidhme níos ísle.
Má theipeann ort sa triail réasúnaíochta, ní thabharfar cuireadh duit triail réasúnaíochta eile a dhéanamh le haghaidh an ghrúpa feidhme sin nó le haghaidh grúpa feidhme níos airde go ceann 6 mhí. Mar sin féin, is féidir cuireadh a thabhairt duit trialacha réasúnaíochta a dhéanamh le haghaidh grúpaí feidhme níos ísle.
Is ón lá a rinneadh an triail a dhéantar an tréimhse 6 mhí a chomhaireamh.
Tabhair do d’aire nach bhfuil sé d’oibleagáid ar na seirbhísí earcaíochta cuireadh a thabhairt duit atástáil a dhéanamh nuair a bheidh an tréimhse sé mhí sin istigh.
Féadfaidh na seirbhísí earcaíochta cuireadh a thabhairt do roinnt iarrthóirí trialacha earcaíochta a dhéanamh do gach folúntas. Is faoi na seirbhísí earcaíochta atá sé aiseolas a thabhairt do na hiarrthóirí lena mbaineann maidir le torthaí na dtrialacha sin.
Mar sin féin, mura n-éireoidh leat an uair sin, beidh torthaí do thrialacha EPSO bailí go ceann 10 mbliana (*), ón dáta a bhfoilseofar i do chuntas EPSO iad.
Dá bhrí sin, is féidir go dtabharfaidh an t-earcaitheoir céanna nó duine eile cuireadh chun agallaimh agus/nó trialacha earcaíochta eile duit.
Ná déan dearmad d'iarrata(i)s a nuashonrú gach sé mhí ar a laghad más mian leat leanúint de bheith infheicthe ag na seirbhísí earcaíochta.
(*) Ní bhaineann seo ach le próisis roghnúcháin CAST/P. Tabhair do d’aire nach bhfuil torthaí na dtrialacha sa phróiseas roghnúcháin CAST/P bailí do phróisis roghnúcháin eile.
Má réamhroghnaítear tú agus má éiríonn leat sna trialacha, rachaidh na seirbhísí earcaíochta ar spéis leo do phróifíl i dteagmháil leat (tríd an seoladh ríomhphoist i do chuntas EPSO) agus tabharfaidh siad cuireadh duit chuig triail inniúlachtaí ina mbeidh agallaimh agus/nó trialacha eile a eagróidh na seirbhísí earcaíochta.
Ní thugann EPSO le fios d’iarrthóirí, ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin, cé na seirbhísí earcaíochta a bhfuil suim acu iontu.
Tá tuilleadh eolais faoi na coinníollacha fostaíochta le fáil i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus sna Rialacháin Foirne, chomh maith leis an eolas is déanaí faoi thuarastail na n-oifigeach agus na mball foirne ar conradh (nuashonrú bliantúil).
Is iad na hiarrthóirí a bheidh réamhroghnaithe ag na seirbhísí earcaíochta (a chuireann siad ar ghearrliosta) agus iad sin amháin a dtabharfar cuireadh dóibh na trialacha roghnúcháin a eagróidh EPSO a dhéanamh.
Má chuirtear ar an ngearrliosta thú, gheobhaidh tú cuireadh chun triail a chur in áirithe i do chuntas EPSO. Is gnách go bhfoilsítear an cuireadh sin i gcuntas EPSO an iarrthóra ar an gcéad lá den tréimhse déanaimh coinní. Seiceáil do chuntas EPSO a sheiceáil gach trí lá féilire ar a laghad. Ní mór an triail a chur in áirithe agus í a dhéanamh laistigh den achar ama atá leagtha síos lena aghaidh sin.
Is trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire iad na trialacha sin. Déantar feitheoireacht chianda orthu. Féach tuilleadh eolais
Beidh cineál an chonartha ag brath ar roinnt eilimintí, an tseirbhís earcaíochta san áireamh.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na socruithe conarthacha, féach Caibidil 5. Earcaíocht an Ghlao ar léiriú spéise.
Is féidir thú a réamhroghnú (a chur ar ghearrliosta) le haghaidh níos mó ná próifíl/grúpa feidhme amháin.
Má réamhroghnaítear thú níos mó ná uair amháin (má réamhroghnaíonn níos mó ná earcaitheoir amháin thú) le haghaidh aon phróifíl amháin san aon ghrúpa feidhme amháin, ní dhéanfaidh tú na trialacha ach aon uair amháin.
Má réamhroghnaítear thú le haghaidh próifílí éagsúla/grúpaí feidhme éagsúla, tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh a bhaineann leis na próifílí/grúpaí feidhme éagsúla sin san ord inar chuir na seirbhísí earcaíochta na hiarrataí chuig EPSO.
Ní féidir leis an earcaitheoir ná leis na hiarrthóirí ná le EPSO tionchar a imirt ar ord na n-iarrataí ar thriail atá á bpróiseáil.
Mura bhfuil tú ag iarraidh na trialacha a dhéanamh, ná déan coinne agus ní bheidh tú cláraithe don triail.
Má rinne tú coinne cheana féin, ba cheart duit í a chur ar ceal ar líne suas le 48 uair an chloig roimh dháta na trialach tríd an nasc sa deimhniú coinne i do chuntas EPSO.
Má shocraíonn tú gan na trialacha a dhéanamh, ní dhéanfaidh sin difear do d’incháilitheacht agus ní chuirfear d’iarratas ar fionraí.
Is féidir le seirbhísí earcaíochta eile thú a réamhroghnú chun trialacha a dhéanamh amach anseo.
Más rud é nach bhfuil spéis agat a thuilleadh i dtrialacha a dhéanamh agus/nó post a fháil le haghaidh próifíl/grúpaí feidhme sonrach, níl le déanamh agat ach stad de bheith ag deimhniú trí do chuntas EPSO go bhfuil spéis agat. Sé mhí i ndiaidh an deimhnithe dheireanaigh nó an nuashonraithe dheireanaigh ar d’iarratas don phróifíl/grúpa feidhme sin, bainfear é den liosta atá le feiceáil ag earcaitheoirí.
Beidh tú in ann d’iarratas a athghníomhachtú tráth ar bith amach anseo.
Má tá amhras mór ort faoina bhfuil i gceist le ceist i dtriail, téigh i dteagmháil go soiléir le Seirbhís Teagmhála d’Iarrthóirí EPSO laistigh d’aon (1) lá féilire (is é sin, faoi dheireadh an lae tar éis lá na dtrialacha) agus luaigh go soiléir na cúinsí agus d’uimhir iarrthóra (féach an nós imeachta sa Ghlao ar Léiriú Spéise).
Mura gcomhlíonann mír áirithe critéir cháilíochta EPSO, cuirfear na bearta ceartaitheacha seo a leanas i bhfeidhm:
– Déanfar an mhír sin a cheartú nó a bhaint as an mbunachar sonraí;
– Féadfar bearta ceartaitheacha a dhéanamh i gcás ina gcinneann EPSO gur imríodh tionchar diúltach ar iarrthóir.
Le linn na tréimhse déanta coinní agus na tréimhse trialacha, is féidir an choinne le haghaidh triail ceisteanna ilrogha a athsceidealú ach an t-am atá á lorg a bheith ar fáil, agus ar na coinníollacha seo a leanas:
Cúinsí eisceachtúla
Ar chúinsí eisceachtúla (e.g. tinneas tromchúiseach, breith linbh, bás céile, duine clainne, tuismitheora, dearthár nó deirféar), d'fhéadfadh sé go gceadódh EPSO athsceidealú a dhéanamh (ach an t-am atá á iarraidh a bheith ar fáil).
Is ceart duit dul i dteagmháil le EPSO gan mhoill, agus d'uimhir iarratasóra agus gach doiciméad fianaise a bhaineann le hábhar a chur leis an teachtaireacht, e.g. teastas dochtúra, nach mór dó dáta na coinne a chumhdach.
Ní féidir, ar chúinse ar bith (cúinsí eisceachtúla san áireamh), athsceidealú a iarraidh ó thréimhse trialacha amháin go ceann eile. Ní fhéadfar a iarraidh ort triail a chur in áirithe athuair i dtréimhse trialacha eile ach amháin má dhéanann aon seirbhís earcaíochta tú a réamhroghnú arís.
Cuirfear ar an eolas thú a luaithe a dhéanfar cinneadh faoin athsceidealú; ach féach nach gcuirfear san áireamh ach cúinsí atá eisceachtúil go fírinneach agus a gcuirfear cruthúnas orthu ar fáil.
Ní dhéanfar measúnú i dtrialacha EPSO ach ar do chuid eolais ar theanga 1 (T1), agus is féidir aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh a roghnú mar theanga 1. Déanfar é a thástáil trí na trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí i bhfoirm ceisteanna ilrogha. Ní mór eolas ar leibhéal C1 ar a laghad (úsáideoir cumasach) a bheith agat ar T1.
Déanfaidh na seirbhísí earcaíochta do chuid eolais ar theanga 2 (T2) a thástáil (ar teanga í atá le roghnú as measc Béarla, Fraincise agus Gearmáinise ach nach ionann í agus T1). Ní mór eolas ar leibhéal B2 ar a laghad (úsáideoir neamhspleách) a bheith agat ar T2.
Tá tuilleadh eolais faoi na trialacha thuas foilsithe ar an leathanach trialacha samplacha.
Féadfaidh na seirbhísí earcaíochta trialacha breise teanga a eagrú.
Ní cheadaítear níos mó ná aon iarratas amháin a chruthú le haghaidh aon phróifíl amháin, fiú amháin i gcás sprioctheangacha éagsúla.
Is féidir leat do theangacha ar fad a lua faoi ‘Scileanna teanga’ san fhoirm iarratais má tá eolas agat ar níos mó ná dhá theanga oifigiúla. Beidh na seirbhísí earcaíochta in ann teacht ar d’iarratas de réir a riachtanas teanga sonrach féin.
Is féidir leat socruithe speisialta a iarraidh i dtaca le trialacha roghnúcháin le haghaidh an phróisis roghnúcháin CAST/Buan ar d’fhoirm iarratais ach tic a chur sa bhosca ‘socruithe speisialta’. Beidh ort foirm a líonadh isteach freisin agus eolas mionsonraithe a chur uirthi i dtaca le do riachtanais speisialta, agus doiciméid tacaíochta ábhartha a chur chugainn chomh maith.
Má thugtar socruithe réasúnta duit le haghaidh na dtrialacha a eagraíonn EPSO, cuirfear na sonraí sin in iúl duit roimh dháta na trialach. I gcásanna áirithe, is féidir go mbeidh roinnt ama de dhíth orainn chun na socruithe is gá a shainiú agus a chur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, b'fhéidir go n-iarrfaí ort na trialacha a dhéanamh sa chéad tréimhse trialacha eile. Más mar sin atá, cuirfimid ar an eolas thú faoi chomh luath agus is féidir.
Déanfaidh EPSO deimhin de go dtabharfar cuireadh do na hiarrthóirí uile atá réamhroghnaithe (atá ar ghearrliosta) agus go gcuirfear trialacha orthu faoi na dálaí is fearr is féidir.
Tabhair do d’aire gurb iad na seirbhísí earcaíochta a eagraíonn trialacha (earcaíochta) eile. Má theastaíonn socruithe speisialta uait ag céim na dtrialacha earcaíochta, is ceart duit na hearcaitheoirí a chur ar an eolas faoi chomh luath agus a bheidh cuireadh faighte agat chuig na trialacha earcaíochta. Tabhair do d’aire nach roinnfidh EPSO aon eolas faoi do riocht nó faoi do shocruithe speisialta leis na hearcaitheoirí.
Tá tuilleadh eolais faoi na coinníollacha fostaíochta sa rannán ‘Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile’ sna Rialacháin Foirne, chomh maith leis an eolas is déanaí faoi thuarastail na n-oifigeach agus na mball foirne ar conradh (nuashonrú bliantúil infheidhme ón 14.12.2022).
Tá faisnéis bhreise faoi na rialacha is infheidhme maidir le baill foirne ar conradh sa Choimisiún Eorpach ar fáil i gcinneadh C(2017)6760 ón gCoimisiún
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na coinníollacha fostaíochta in institiúidí agus i gcomhlachtaí eile de chuid an Aontais, iarraimid ort teagmháil dhíreach a dhéanamh lena seirbhísí Acmhainní Daonna.
Iarrthóirí i bpróisis roghnúcháin le haghaidh gníomhairí ar conradh (CAST/P), níor cheart dóibh na doiciméid tacaíochta a nascadh lena n-iarratas CAST/P. Cuirfidh na seirbhísí earcaíochta na hiarrthóirí ar an eolas faoi cathain a chaithfidh siad doiciméid a sholáthar a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinneadh ina bhfoirm iarratais. Cinnfidh na seirbhísí earcaíochta cé na doiciméid a bheidh inghlactha.