Ceisteanna coitianta

Home > Ceisteanna coitianta > Conarthaí de chineálacha eile

Conarthaí de chineálacha eile

Conas is féidir liom post a fháil mar chúntóir i bParlaimint na hEorpa?

Ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa tá eolas faoi chúntóirí parlaiminte atá ag obair le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Ar shuíomhanna gréasáin na ngrúpaí polaitiúla éagsúla tá eolas faoi na nósanna imeachta earcaíochta ar leith atá acu.            

tuilleadh

An féidir liom dul ag obair mar ateangaire/aistritheoir féinfhostaithe?

An bhfuil deiseanna ann do theangeolaithe féinfhostaithe? Le dul ag obair mar aistritheoir féinfhostaithe leis an gCoimisiún Eorpach, féach na glaonna ar thairiscintí leis an gCúirt Bhreithiúnais, féach na fógraí conartha.   Le dul ag obair mar ateangaire féinfhostaithe leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa nó leis an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach, féach Ateangaireacht don Eoraip. 

tuilleadh

An féidir liom tréimhse oiliúna a chaitheamh leis an tSeirbhís Gníomhaíochta Seachtraí?

Eagraítear tréimhsí oiliúna suas le 18 mí i dToscaireachtaí an Aontais Eorpaigh le deis a thabhairt d'iarchéimithe cumasacha éirimiúla taithí phraiticiúil a fháil ar obair na dToscaireachtaí, agus tuiscint níos doimhne a fháil ar an ról atá ag na Toscaireachtaí i gcur chun feidhme bheartais an Aontais Eorpaigh maidir le caidreamh seachtrach. Tá tuilleadh eolais i gclár na nGairmithe Sóisearacha i dToscaireachtaí.

tuilleadh

Ar aimsigh tú freagra?

D'aimsigh Níor aimsigh