Ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa tá eolas faoi chúntóirí parlaiminte atá ag obair le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa.
Féach freisin suíomhanna gréasáin na nGrúpaí Polaitiúla chun eolas a chur ar na nósanna imeachta earcaíochta atá acu.

An bhfuil deiseanna ann do theangeolaithe féinfhostaithe?
Le bheith i d’aistritheoir féinfhostaithe
Le bheith i d’ateangaire féinfhostaithe sa Choimisiún Eorpach, i bParlaimint na hEorpa nó i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, féach Ag ateangaireacht san Eoraip.
Eagraítear tréimhsí oiliúna suas le 24 mhí i dToscaireachtaí an Aontais Eorpaigh le deis a thabhairt d’iarchéimithe cumasacha éirimiúla taithí phraiticiúil a fháil ar obair na dToscaireachtaí, agus tuiscint níos doimhne a fháil ar an ról a bhíonn ag na Toscaireachtaí i gcur chun feidhme bheartais an Aontais Eorpaigh maidir le caidreamh seachtrach.
Tá eolas ar fáil faoi thréimhsí oiliúna agus faoi chlár na Seirbhíse Gníomhaíochta Seachtraí um Ghairmithe Sóisearacha sna Toscaireachtaí (JPD) ag an nasc seo.