Ní féidir dáta/am do choinne le haghaidh an chás-staidéir, na trialach scríofa sa réimse, thriail an inbhosca ríomhphoist nó na trialach aistriúcháin a athrú.
Tabharfar marc idir 0 agus 4 phointe do gach ceann d’fhreagraí na n-iarrthóirí. Ansin déantar na pointí a tugadh a iolrú faoin ‘ualú’ agus ansin suimítear na pointí chun teacht ar mharc. Cuirtear...
Tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach critéar nó ceist, agus léireoidh an t-ualú sin tábhacht an chritéir nó na ceiste sin le hais critéar agus ceisteanna eile.
Déan deimhin de go mbeidh do dhóthain ama agat an t-eolas ar fad a thabhairt i roinn an Scagthóra Buanna (Talent Screener) a theastóidh ón mBord Roghnúchán agus d’iarratas á mheas. Tabhair an t-eolas...
I dtosach, déantar marcanna na n-iarrthóirí a rangú in ord íslitheach. Ansin roghnaíonn an Bord na hiarrthóirí is airde ar an liosta ar féidir cuireadh chun na chéad chéime eile den chomórtas a...
Ní féidir ach líon áirithe iarrthóirí dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile agus, ar an ábhar sin, ní thugtar cuireadh ach dóibh siúd a bhfuil na marcanna is airde acu. Bíonn marc atá cothrom...
Sula gcuirtear tús leis an bpróiseas roghnúcháin, leagtar síos critéir mheastóireachta oibiachtúla i gcomhréir leis an bhfógra comórtais. Cuirtear na critéir sin i bhfeidhm go dian maidir le gach...
Chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas, ní mór duit a bheith i measc na n-iarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna is airde.
I gcás gach ceiste, ní mór freagra a thabhairt trí chliceáil ar “yes” nó “no”.Más é “yes” an freagra a thugann tú, ní mór focheist a fhreagairt.Más é “nó” an freagra a thugann tú, gabhann tú chuig an...
Aistritheoirí gairmiúla in institiúidí an Aontais Eorpaigh a aistríonn na trialacha agus na míreanna de na trialacha agus déantar dianrialú cáilíochta orthu sula n-úsáidtear iad. Is beag difríocht...
Má tá amhras mór ort faoin méid atá i gceann de na ceisteanna i dtriail, déan teagmháil leis an tSeirbhís Teagmhála d’Iarrthóirí atá ag EPSO laistigh de 3 lá féilire i ndiaidh duit na trialacha a...
Tá na hinstitiúidí ag lorg iarrthóirí éirimiúla spreagtha, a bhfuil ardcháilíochtaí acu sa réimse i gceist, iarrthóirí a bhfuil na hinniúlachtaí ginearálta seo thíos acu:Anailísiú agus réiteach...
Na hiarrthóirí i gcomórtais EPSO, is féidir leo a roghnú a gcuid sonraí teagmhála a nochtadh d’údaráis náisiúnta a mBallstáit, le go mbeidh na húdaráis sin in ann dul i dteagmháil leo chun tacaíocht...
Má fuair tú adhmháil le cur in iúl go bhfuarthas do ghearán, níor cheart duit meabhrú a chur mura bhfuil am suntasach caite ó chur tú isteach é.Is féidir go mbeidh roinnt seachtainí i gceist chun...
Dá ligfeadh an Bord Roghnúcháin isteach sa chomórtas arís thú tar éis athbhreithniú a dhéanamh, thiocfá ar ais isteach ag an gcéim céanna ónar cuireadh amach thú, ainneoin cé chomh fada a bheadh an...
Is mar seo a leanas a dhéanfaidh EPSO d'eolas ar theangacha a mheas:Déanfar an teanga a roghnóidh tú mar theanga 1(T1) as 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, a thástáil le trialacha...
Ní cheadaítear níos mó ná aon iarratas amháin a chruthú le haghaidh aon phróifíl amháin, fiú amháin i gcás sprioctheangacha éagsúla.Is féidir leat gach teanga atá agat a dhearbhú faoi 'Scileanna...
Ba cheart, tá sé éigeantach do chuid cáilíochtaí/dioplómaí uile a lua san fhoirm iarratais.Tá an méid seo ráite i bPointe 1 den “dearbhú” san iarratas agat: "Dearbhaím ar m'fhocal go bhfuil an...
Is féidir leat socruithe speisialta a iarraidh i dtaca le trialacha roghnúcháin le haghaidh an phróisis roghnúcháin CAST/Buan ar d’fhoirm iarratais ach tic a chur sa bhosca ‘socruithe speisialta’....
Ní mór do gach iarrthóir i bpróiseas roghnúcháin EPSO a bheith ina shaoránach de Bhallstát amháin den Aontas Eorpach ar a laghad.Más saoránach den Ríocht Aontaithe thú agus go bhfuil an dara...
Níl méarchlár de dhíth ort le haghaidh na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire, trialacha an inbhosca ríomhphoist san áireamh.I dtaca le trialacha ar gá méarchlár a úsáid lena n-aghaidh,...
Is féidir go n-iarrfar taithí oibre freisin i réimse an phoist.Chun go gcuirfear do thaithí oibre san áireamh, ní mór fíorchaidreamh oibre a bheith ann de réir mar a shainmhínítear sna heilimintí seo...
Na híosleibhéil oideachais is gá, bíonn siad de réir na bpróifílí atá á lorg.Go hiondúil:i gcás gach poist nach do chéimithe ollscoile é (leibhéal cúntóirí/grúpaí feidhme II, III), ní mór oideachas...
Beidh bord roghnúcháin ar leith ag gach próiseas roghnúcháin chun na hiarrthóirí is fearr a roghnú ar bhonn na gcáilíochtaí agus na n-inniúlachtaí atá sainithe san fhógra comórtais. Tá na bord...
Sna Rialacháin Foirne tá tuilleadh eolais faoi choinníollacha fostaíochta, mar aon leis an eolas is déanaí faoi thuarastal oifigeach agus gníomhairí ar conradh (nuashonrú bliantúil is infheidhme ó...