An mbeidh iarratas uaim incháilithe?
An mian leat a fhios a bheith agat an bhfuil tú incháilithe le hiarratas a dhéanamh ar phost in institiúidí an Aontais Eorpaigh? Anseo thíos tá ,cé na híoschritéir incháilitheachta chun iarratas a dhéanamh ar phost leis an Aontas Eorpach. Tá míniú tugtha thíos freisin againn ar na buncheanglais teanga le haghaidh iarratas a dhéanamh ar phost leis an Aontas Eorpach.
Le bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar chomórtas oscailte nó ar phróiseas roghnúcháin ní mór duit:
- a bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas
- cearta saoránaigh den Aontas Eorpach a bheith agat
- aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá ort de réir an dlí náisiúnta a bheith comhlíonta agat
- sáreolas a bheith agat ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais (leibhéal C1) agus eolas sásúil ar cheann eile de na teangacha sin (leibhéal B2)
- i gcás comórtais do theangeolaithe, ní mór máistreacht a bheith agat ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais (leibhéal C2) agus sáreolas ar dhá cheann eile de na teangacha sin (leibhéal C1)
Tá tuilleadh eolais faoi sin thíos.
|
Teanga 1 |
Do phríomhtheanga. Is éard is ciall le príomhtheanga do mháthairtheanga nó teanga eile a bhfuil sáreolas ar a laghad agat uirthi, is é sin leibhéal C1 de Leibhéil na dteangacha Eorpacha – greille féinmheasúnachta. I gcás comórtais agus próisis roghnúcháin áirithe, ní mór máistreacht (leibhéal C2) a bheith agat ar an teanga sin. |
|
Teanga 2 |
Ní mór eolas sásúil ar a laghad (leibhéal B2) a bheith agat ar an teanga a roghnóidh tú mar theanga 2. I gcás comórtais agus próisis roghnúcháin do theangeolaithe, ní mór sáreolas (leibhéal C1) a bheith agat ar an teanga sin. |
|
Teangacha breise |
I gcás comórtais, próisis roghnúcháin agus glaonna ar léiriú spéise áirithe, comórtais do theangeolaithe go háirithe, is féidir go n-iarrfar scileanna teanga. Bíonn tuilleadh eolais faoi sin san fhógra comórtais nó sa ghlao ar léiriú spéise. |
Aon cheanglais shonracha atá leagtha amach san fhógra comórtais nó sa ghlao ar léiriú spéise maidir le cáilíochtaí agus taithí oibre, ní mór duit iad a chomhlíonadh freisin. Féach na Ceisteanna Coitianta faoi thaithí oibre agus faoi nacineálacha éagsúla cáilíochtaí a nglactar leo.
Is ar an gcineál poist atá i gceist a bhraitheann na híoscheanglais oideachais a leagtar síos.
Go ginearálta:
- I gcás gach poist nach do chéimithe iad (grúpa feidhme I, tacaíocht láimhe agus riaracháin; Leibhéal cúntóra/grúpa feidhme II – cúraimí cléireachais/riaracháin/bainistíochta oifige, grúpa feidhme III - cúraimí riaracháin/comhairleacha/ teanga/teicniúla) oideachas meánscoile ag teastáil ar a laghad
- i gcás gach poist do chéimithe (leibhéal riarthóirí/grúpa feidhme IV), ní mór oideachas ollscoile (trí bliana ar a laghad) a bheith agat.
D'fhéadfadh taithí oibre ábhartha a bheith ag teastáil i gcásanna áirithe.
Níl aon teorainn aoise ann le hiarratas a dhéanamh ar phost, ach ní mór do gach oifigeach dul ar scor ar 65 bliana d'aois a shlánú dó. Tá tuilleadh eolais faoi sin i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh