NUACHT: “Glao ar chomhoibriú le heagraíochtaí uile an Aontais Eorpaigh a bhfuil baint acu le cur chun cinn agus leas shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a bhfuil míchumas ag gabháil dóibh” - eolas faoi
Institiúidí an Aontais Eorpaigh – áit nach tearc tallann!
Fís agus misean
Creidimid anseo in EPSO sa chomhionannas agus san éagsúlacht. Chun a chinntiú go dtugann institiúidí an Aontais Eorpaigh an deis chéanna do chách agus go mbeidh siad ina scáthán ar éagsúlacht na cruinne comhaimseartha, seasaimid leis na prionsabail agus leis na cuspóirí seo a leanas:
- Cinntíonn EPSO go dtabharfar an deis, an chóir agus an rochtain chéanna do gach iarrthóir gan aird ar ghnéas, cine, dath, bunús eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach;
- Cuireann EPSO an cuimsiú san áireamh go mór ina chuid próiseas roghnúcháin. Trí gach constaic, gach claonadh féideartha agus gach baol go ndéanfaí leatrom ar an iarrthóir a aithint agus a ghlanadh as an tslí, tugann EPSO an deis chéanna do gach duine a chuid inniúlachtaí a léiriú go hiomlán;
- Cuireann EPSO comhdheiseanna chun cinn agus téann sé i gcomhairle le páirtithe leasmhara éagsúla agus le grúpaí saineolacha d’fhonn raidhse níos leithne de dhaoine éirimiúla a mhealladh;
- Is mian le EPSO an éagsúlacht a mhéadú ina measc siúd a chuireann isteach ar na comórtais a reáchtálann sé ionas gur fearr a léireoidh seirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh an éagsúlacht atá le fáil i measc na saoránach dá bhfónaimid.
- Conas cleachtas a dhéanamh den phrionsabal?
-
Féach a bhfuil déanta go praiticiúil againn chun an chomhdheis agus an éagsúlacht a thabhairt chun nithiúlachta.
- Trí anailís agus monatóireacht staitistiúil chórasach a dhéanamh, cinntímid go mbíonn na ceisteanna a chuirtear ar iarrthóirí sna trialacha neodrach;
- Ar mheasúnuithe ar bhonn inniúlachtaí, caighdeánaithe, oibiachtúla a bhunaímid na modhanna roghnúcháin a bhíonn againn;
- De réir critéir oibiachtúla, agus dá réir sin amháin, a dhéanaimid scagadh anaithnid ar CVanna;
- Déanaimid freastal réasúnta ar dhaoine faoi mhíchumas ag gabháil dóibh nó a bhfuil riachtanais shonracha acu;
- Cuirimid i bhfeidhm Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi mhíchumas;
- Déanaimid scagadh agus iniúchadh ar bhonn rialta córasach ar ár gcuid próiseas agus trialacha roghnúcháin; Déanaimid gach constaic agus bacainn, a dhéanfadh difear maidir leis an bpróiseas roghnúcháin, a aithint agus glacaimid bearta ceartaitheacha dá réir;
- Déanaimid scagadh inrochtaineachta go rialta chun feabhas leanúnach a chur ar an gcaoi a labhraímid leis an saol mór, agus ar ár próiseas roghnúcháin agus ar ár dtrialacha; Nuair is gá, cuirimid ar fáil formáidí oiriúnaithe ionas gur féidir le teicneolaíochtaí cúnta iad a úsáid. Cuirimid cúnamh aonair ar fáil freisin. Ina theannta sin, cuirimid riachtanais rochtana san áireamh i ngach gné nua dár gcórais ríomhaireachta/TF;
- Cuirimid oiliúint ar bhaill na mbord roghnúcháin, ar fúthu a bhíonn sé do chuid inniúlachtaí a mheas, maidir le daoine a roghnú agus a earcú ar an mbonn is lú leatroim, is oibiachtúla agus is gairmiúla dá bhfuil ann lenar féidir urraim a thabhairt don chomhdheis agus don chóir ionann;
- Tá sé mar aidhm againn na boird roghnúcháin a bheith gan easpa gan iomarca ionas gur lúide an baol go ndéanfaí leatrom nó idirdhealú. Agus baill á gceapadh ar bhoird roghnúcháin, féachaimid le daoine a fháil nach ionann cúlra dóibh go léir, agus leis an gcothromaíocht a chinntiú i dtaca le hinscne, náisiúntacht, teangacha, agus lena mballraíocht ar choistí foirne agus riaracháin;
- Bailímid aiseolas ó iarrthóirí ar bhonn córasach ionas gur féidir linn a mbíonn ar siúl againn a shíorfheabhsú;
- Déanaimid ár ndícheall agus sinn ag caint leis an saol mór daoine éirimiúla a mhealladh as gach ceann de Bhallstáit an Aontais trí úsáid a bhaint as modhanna spriocdhírithe le labhairt leo siúd ar mian linn labhairt leo. Ar cheann de na modhanna sin, tá na blaganna a scríobhann na hAmbasadóirí Foirne a thugann eolas faoi phoist in institiúidí an Aontais Eorpaigh ina gcuireann siad síos ar a mbíonn i gceist le bheith ag obair in institiúidí an Aontais Eorpaigh dóibh siúd atá ag cuimhneamh ar a leithéid. Ach bímid gníomhach freisin ar na campais ollscoile – le mic léinn a bhíonn i mbun ambasadóireachta faoi phoist in institiúidí an Aontais Eorpaigh – agus le rannpháirtíocht spriocdhírithe eile in ócáidí treoirghairme agus mar sin de.
- D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an gcomhionannas inscne, tá EPSO tar éis bearta éagsúla a dhéanamh: gníomhphlean leanúnach síciméadrach ar aidhm dó bainistiú na dtrialacha a fheabhsú ar bhonn leanúnach, go háirithe trialacha síciméadracha agus trialacha eile a chuirtear ar siúl ag an gcéim réamhroghnúcháin. Ina theannta sin, cuirimid oiliúint ar bhaill na mbord roghnúcháin, ar fúthu a bhíonn sé inniúlachtaí na n-iarrthóirí a mheas, maidir leis an deis chéanna agus an chóir ionann a chinntiú sna hagallaimh agus sna cleachtaí eile.
Is é an príomhchuspóir, ag gach céim roghnúcháin, tionchar na hinscne a íosmhéadú agus na deiseanna céanna a thairiscint do chách, idir fhir is mhná, lena gcumas a léiriú.
Chuige sin, tá bearta agus taighde mionsonraithe déanta ag EPSO ionas nach ndéanfar aon idirdhealú ar bhonn inscne idir mná agus fir sna trialacha, agus chun go dtabharfar do gach aon inscne an deis chéanna a gcumas agus a gcuid scileanna a léiriú.
- Míchumas / riachtanais shonracha
-
Níor ceart go mbeadh aon mhíchumas atá ort nó aon riocht sláinte ina bhfuil tú ina chonstaic romhat le linn an phróisis roghnúcháin.
Tá nós imeachta seanbhunaithe ag EPSO maidir le freastal réasúnta a dhéanamh ar iarrthóirí, bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta an réimse seo. Fágann sin gur féidir linn bacainní agus constaicí, ar siocair dóibh míchumas nó riocht sláinte, a aithint, agus an deis a thabhairt d’iarrthóirí a bhfuil riachtanais shonracha acu a gcumas a léiriú ar comhchéim le hiarrthóirí eile.
An bhfuil socruithe speisialta de dhíth ort do na trialacha triail roghnúcháin?
Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, más uait go ndéanfaí socruithe speisialta le linn an phróisis roghnúcháin i ngeall ar mhíchumas nó buan-riocht sláinte, ní mór duit na céimeanna seo a leanas a chur díot:
CÉIM 1: CÉIM AN CHLÁRÚCHÁIN
Tá tú ag déanamh iarratais ar phróiseas roghnúcháin EPSO agus tá oiriúnaithe speisialta ag teastáil uait le haghaidh na dtrialacha roghnúcháin mar gheall ar mhíchumas nó ar riocht sláinte. Cuir tic sa bhosca ‘riachtanais speisialta’ ar d’fhoirm iarratais i do chuntas EPSO agus bailíochtaigh d'iarratas faoin sprioc-am a foilsíodh.
CÉIM 2: AN CHÉIM FAISNÉISE
Tá d’iarratas bailíochtaithe agat ag céim an chlárúcháin. I do chuntas EPSO, líon isteach an fhoirm faisnéise maidir le do riachtanais shonracha, agus déan deimhin de gach doiciméad tacaíochta a cheangal di, i.e. teastas míchumais nó leighis, tuairiscí etc. Tabhair do d’aire beartas EPSO: ‘Ní fhaightear aon oiriúnú gan teastas a thabhairt ina leith’, agus ná déan dearmad an chéim seo a chríochnú faoin sprioc-am a foilsíodh.
Maidir le sonraí an mhíchumais nó an reachta sláinte, cinnteoimid go gcaithfear leo faoi rún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018.
CÉIM 3: CÉIM ANAILÍSE EPSO
Déanfaidh EPSO ACCESSIBILITY anailís ar d’iarraidh agus déanfaidh sé meastóireacht ar na socruithe réasúnta a d’fhéadfaí a chur ar fáil, más féidir in aon chor é. Déanfar socruithe réasúnta a shainiú agus a fhaomhú ar bhonn do chuid riachtanas doiciméadaithe, an cineál trialach agus ar bhonn an dea-chleachtais idirnáisiúnta agus an tsaineolais is fearr sa réimse sin.
I gcás ina ndéantar freastal réasúnta ort, cuirfear mionsonraí na socruithe in iúl duit in am trátha roimh dháta do thrialach.
Mura bhfuil tú sásta de chinneadh EPSO maidir le d’iarraidh, téigh i dteagmháil le epso-accessibility@ec.europa.eu.
CÉIM 4: CÉIM NA TRIALACH
Tabharfar cuireadh duit trialacha roghnúcháin EPSO a dhéanamh de réir do riachtanas sonrach agus de réir na socruithe atá le déanamh duit, faoi na dálaí is fearr is féidir le go mbeidh tú in ann do chuid inniúlachtaí a léiriú go hiomlán agus dul in iomaíocht ar bhonn cothrom le hiarrthóirí eile.
CÉIM 5: CÉIM AN AISEOLAIS
Tá do chuid aiseolais tábhachtach. D’fhonn feabhas leanúnach a chur ar ár gcuid seirbhísí, iarrfaidh epso-accessibility@ec.europa.eu ort, ag deireadh gach trialach roghnúcháin, do chuid aiseolais a roinnt maidir leis na socruithe atá le déanamh duit.
- I dtaca le socruithe speisialta, céard atá ar fáil?
-
Ag brath ar an míchumas nó riocht sláinte atá i gceist agus na dúshláin a leanfadh díobh agus tú ag déanamh na dtrialacha, iarrfar ort eolas a thabhairt dúinn faoi na socruithe sin a chuideodh leat. Go deimhin, creideann EPSO gur agatsa is fearr atá a fhios maidir leis an míchumas nó riocht sláinte sin.
Déanfar gach cás a mheas ina cheann agus ina cheann, agus cuirfear san áireamh do chuid doiciméad tacaíochta mar aon le saineolas EPSO ar fhreastal réasúnta a dhéanamh ar iarrthóirí a bhfuil riachtanais shonracha acu agus trialacha ar bun. Ar an mbonn sin, tairgfear duit na socruithe a bheidh ag dul le gach ceann de na cineálacha trialacha a bheidh le déanamh agat. Tharlódh, dá bhrí sin, nárbh ionann a n-iarrfá agus a bhfaighfeá.
Samplaí de shocruithe féideartha:
- inrochtaineacht a chinntiú
- breis ama leis na trialacha a dhéanamh
- téacsanna méadaithe nó bogearra lenár féidir téacs a mhéadú
- asphriontálacha as Braille nó méarchlár Braille
- léitheoirí scáileáin
- Ateangaireacht go teanga chomharthaíochta
- soilsiú oiriúnaithe le haghaidh deasca ar féidir a n-airde a athrú
- cúnamh aonair agus tuilleadh nach é…
Tabhair do d’aire nach féidir teicneolaíocht chúnta a úsáid san am i láthair ach ag céim an Ionaid Measúnaithe sa Bhruiséil. Tá EPSO ag obair faoi láthair ar an raon feidhme a leathnú amach le go mbeifear in ann teicneolaíocht chúnta a úsáid ag céimeanna eile den phróiseas roghnúcháin agus le haghaidh cineálacha éagsúla trialacha. Idir an dá linn, leanfaimid de bheith ag anailísiú do chuid riachtanas agus tabharfaimid cúnamh agus déanfaimid socruithe duit ar bhonn ad hoc le go mbeidh tú in ann na scrúduithe a dhéanamh faoi na dálaí is fearr is féidir. Is féidir na socruithe ar fad eile a dhéanamh ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin.
Deacrachtaí maidir le hinrochtaineacht?
Leagann EPSO an-bhéim ar an inrochtaineacht agus bímid ar ár mbionda i gcónaí agus sinn ag iarraidh feabhas a chur ar chúrsaí cumarsáide agus ar ár gcuid próiseas roghnúcháin. Déantar seiceáil rialta ar chúrsaí inrochtaineachta féachaint a inrochtana linn agus cé mar is féidir an inrochtaineacht sin a fheabhsú. Ina theannta sin, cuirimid riachtanais rochtana san áireamh i ngach gné nua dár gcórais ríomhaireachta/TF; cuirimid formáidí inrochtana ar fáil i gcás na ndoiciméad sin nach bhfuil go hiomlán inrochtana ó thaobh na teicneolaíochta cúnta de. Tá iniúchadh ar siúl againn i láthair na huaire ar shuíomh gréasáin seo againn ionas go dtabharfar i gcomhréir é le leibhéal AA de leagan 2.0 de WCAG (Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán).
An bhfuil deacrachtaí agat fós teacht ar chodanna áirithe de shuíomh gréasáin EPSO agus/nó ar dhoiciméid? Nó ar mhaith leat eolas a tabhairt dúinn mar chuidiú dúinn le hinrochtaineacht an tsuímh agus na próisis roghnúcháin a fheabhsú? Is féidir teagmháil a dhéanamh linn agus tabharfaimid freagra ort a luaithe agus is féidir!






