Amchlár táscach
Is ar mhaithe le heolas an méid seo thíos. Coimeádann EPSO an ceart aige féin é a athrú am ar bith, agus is minic a fhoilsítear nuashonruithe.
Sula gcinnfidh tú an mian leat cur isteach ar an bpróiseas roghnúcháin seo/ar na próisis roghnúcháin seo, is ceart duit na doiciméid thábhachtacha ar fad a léamh chun deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfaidh tú na coinníollacha incháilitheachta uile an dáta a bheidh tú ag bailíochtú d'iarratais.
Is ceadmhach iarratas a dhéanamh ar phróifíl amháin nó níos mó agus/nó ar ghrúpa feidhme amháin nó níos mó. Moltar go láidir duit gan cur isteach ach ar na próifílí sin agus ar na grúpaí feidhme sin is mó a bhfuil an t-oideachas agus an taithí oibre atá agat in oiriúint dóibh.
Ní hionann cur isteach ar roinnt próifílí agus grúpaí feidhme agus seans níos fearr a bheith ann go n-éireoidh leat sna babhtaí réamhroghnúcháin.
Is sa Bhruiséil agus i Lucsamburg is mó a bheidh na conarthaí poist atá á dtairiscint faoin bpróiseas roghnúcháin seo/faoi na próisis roghnúcháin seo. Is féidir go mbeidh líon beag conarthaí le fáil i gcathracha eile san Aontas Eorpach agus i dtoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh áiteanna eile ar domhan.
Má tá tuilleadh eolais uait féach an liosta de cheisteanna coitianta.
Má thograíonn tú iarratas a dhéanamh, lean na treoracha seo a leanas:
Is ar mhaithe le heolas an méid seo thíos. Coimeádann EPSO an ceart aige féin é a athrú am ar bith, agus is minic a fhoilsítear nuashonruithe.
Tús na tréimhse clárúcháin | 05/01/2017 |
An sprioc-am nach foláir iarratais a dhéanamh roimhe | Níl aon sprioc-am le hiarratas a dhéanamh |
Na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a chur in áirithe (1) | 09/01/2019 - 15/01/2019 |
Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire – tréimhse na dtrialacha (1) | 15/01/2019 - 21/01/2019 |
Computer based multiple choice tests - results (1) | 31/01/2019 |
Na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a chur in áirithe (2) | 07/02/2019 - 12/02/2019 |
Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire – tréimhse na dtrialacha (2) | 12/02/2019 - 18/02/2019 |
Computer based multiple choice tests - results (2) | 28/02/2019 |
Na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a chur in áirithe (3) | 07/03/2019 - 12/03/2019 |
Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire – tréimhse na dtrialacha (3) | 12/03/2019 - 18/03/2019 |
Computer based multiple choice tests - results (3) | 28/03/2019 |
Na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a chur in áirithe (4) | 04/04/2019 - 09/04/2019 |
Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire – tréimhse na dtrialacha (4) | 09/04/2019 - 15/04/2019 |
Computer based multiple choice tests - results (4) | 25/04/2019 |