Sula gcinnfidh tú an mian leat cur isteach ar an bpróiseas roghnúcháin seo/ar na próisis roghnúcháin seo, is ceart duit na doiciméid thábhachtacha ar fad a léamh chun deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfaidh tú na coinníollacha incháilitheachta uile an dáta a bheidh tú ag bailíochtú d'iarratais.
Is ceadmhach iarratas a dhéanamh ar phróifíl amháin nó níos mó agus/nó ar ghrúpa feidhme amháin nó níos mó. Moltar go láidir duit gan cur isteach ach ar na próifílí sin agus ar na grúpaí feidhme sin is mó a bhfuil an t-oideachas agus an taithí oibre atá agat in oiriúint dóibh.
Ní hionann cur isteach ar roinnt próifílí agus grúpaí feidhme agus seans níos fearr a bheith ann go n-éireoidh leat sna babhtaí réamhroghnúcháin.
Is sa Bhruiséil agus i Lucsamburg is mó a bheidh na conarthaí poist atá á dtairiscint faoin bpróiseas roghnúcháin seo/faoi na próisis roghnúcháin seo. Is féidir go mbeidh líon beag conarthaí le fáil i gcathracha eile san Aontas Eorpach agus i dtoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh áiteanna eile ar domhan.
Má tá tuilleadh eolais uait féach an liosta de cheisteanna coitianta.