Má thograíonn tú iarratas a dhéanamh, lean na treoracha seo a leanas:
1. Cruthaigh cuntas EPSO mura bhfuil ceann agat cheana. Tá cosc ar níos mó ná aon chuntas amháin EPSO a bheith agat agus is féidir thú a dhícháiliú ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin má tá níos mó ná cuntas amháin agat. Léigh na ceisteanna coitianta nó déan teagmháil linn má tá amhras ort faoin gceist seo.
2. Cliceáil ar “IARRATAS A DHÉANAMH” thíos.
3. Logáil isteach i do chuntas EPSO.
4. Léigh na treoracha faoi conas an fhoirm a líonadh isteach. Agus an fhoirm á líonadh isteach agat, lean na treoracha ar an scáileán.
Deacrachtaí maidir le hinrochtaineacht? Leagann EPSO an-bhéim ar an inrochtaineacht agus bímid ar ár mbionda i gcónaí agus sinn ag iarraidh feabhas a chur ar chúrsaí cumarsáide agus ar ár gcuid próiseas roghnúcháin. An bhfuil deacrachtaí agat fós teacht ar chodanna áirithe de shuíomh gréasáin EPSO agus/nó ar dhoiciméid? Déan teagmháil linn! Is féidir linn formáidí inrochtana nó cúnamh a chur ar fáil duit.
5. Is sa teanga nó sna teangacha atá leagtha síos sa ghlao ar léiriú spéise is gá an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a bhailíochtú.
Tá treoracha sa ghlao ar léiriú spéise maidir leis an teanga is gá a úsáid chun an fhoirm iarratais a líonadh isteach. Is féidir go ndícháileofar ón bpróiseas roghnúcháin thú mura leanfaidh tú na treoracha sin.
6. Déan deimhin de go roghnaíonn tú an grád/teanga/próifíl cheart, nuair is infheidhme. Mura bhfuil tú cinnte cén grád/teanga/próifíl is ceart a roghnú, féach an glao ar léiriú spéise.