Riarthóirí – Ardteicneolaíocht: Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta

An dáta ónar féidir iarratais a dhéanamh: 
09/01/2020
An spriocdháta d'iarratais: 
06/02/2020 - 12:00(am na Bruiséile)
Grád: 
Institiúid/Gníomhaireacht: 
Cineál an chonartha: 

Sula gcinnfidh tú an mian leat cur isteach ar an bpróiseas roghnúcháin seo/ar na próisis roghnúcháin seo, is ceart duit na doiciméid thábhachtacha ar fad a léamh chun deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfaidh tú na coinníollacha incháilitheachta uile an dáta a bheidh tú ag bailíochtú d'iarratais.

Meabhraímid duit nach mór d’iarrthóirí na critéir incháilitheachta ar fad a chomhlíonadh, saoránacht san áireamh, ar an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh, chun iarratas a dhéanamh ar phróiseas roghnúcháin. Tabhair do d’aire, dá bhrí sin, má tharlaíonn Brexit an 31 Eanáir 2020, nach mór duit a bheith i do shaoránach de cheann amháin de 27 mBallstát eile an Aontais ar an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh chun bheith incháilithe do phróiseas roghnúcháin EPSO.

Iarratas

Má thograíonn tú iarratas a dhéanamh, lean na treoracha seo a leanas:

  1. Cruthaigh cuntas EPSO mura bhfuil ceann agat cheana. Tá cosc ar níos mó ná aon chuntas amháin EPSO a bheith agat agus is féidir thú a dhícháiliú ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin má tá níos mó ná cuntas amháin agat. Léigh na ceisteanna coitianta nó déan teagmháil linn má tá amhras ort faoin gceist seo.
     
  2. Cliceáil ar “IARRATAS A DHÉANAMH” thíos.
     
  3. Logáil isteach i do chuntas EPSO.
     
  4. Léigh na treoracha faoi conas an fhoirm a líonadh isteach. Agus an fhoirm á líonadh isteach agat, lean na treoracha ar an scáileán.

    Deacrachtaí maidir le hinrochtaineacht? Leagann EPSO an-bhéim ar an inrochtaineacht agus bímid ar ár mbionda i gcónaí agus sinn ag iarraidh feabhas a chur ar chúrsaí cumarsáide agus ar ár gcuid próiseas roghnúcháin. An bhfuil deacrachtaí agat fós teacht ar chodanna áirithe de shuíomh gréasáin EPSO agus/nó ar dhoiciméid? Déan teagmháil linn! Is féidir linn formáidí inrochtana nó cúnamh a chur ar fáil duit.
     
  5. Tá an fhoirm iarratais ar fáil in 24 theanga. Féach an fógra comórtais nó an ghlao ar léiriú spéise chun treoracha a fháil faoin teanga/faoi na teangacha is gá a úsáid chun an fhoirm iarratais a líonadh isteach.
    Tabhair do d'aire go mbíonn an bord roghnúcháin agus na seirbhísí earcaíochta ag obair i líon beag teangacha cumarsáide (na teangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh is mó a úsáidtear) agus moltar duit, dá bhrí sin, an fhoirm iarratais a chur isteach i gceann de na teangacha sin chun an próiseas roghnúcháin agus/nó earcaíochta a éascú tráth níos déanaí.
     
  6. Bainfidh sé tamall fada asat an fhoirm iarratais a líonadh isteach. Molaimid duit gan fanacht go dtí an nóiméad deireanach lena dhéanamh. Ní féidir le EPSO iarratais a ghlacadh ó iarrthóirí nach mbailíochtaíonn a n-iarratas roimh an sprioc-am.
     
  7. Déan deimhin de go roghnaíonn tú an grád/teanga/próifíl cheart, nuair is infheidhme. Mura bhfuil tú cinnte cén grád/teanga/próifíl is ceart a roghnú, féach ar an bhfógra comórtais nó ar an nglao ar léiriú spéise.

Amchlár táscach

Is ar mhaithe le heolas an méid seo thíos. Coimeádann EPSO an ceart aige féin é a athrú am ar bith, agus is minic a fhoilsítear nuashonruithe.

Is trí na litreacha agus trí na teachtaireachtaí i gcuntais EPSO na n-iarrthóirí, agus tríothu sin amháin, a sheoltar an phleanáil/an t-eolas deimhnithe deiridh.

Tús na tréimhse clárúcháin09/01/2020
An sprioc-am nach foláir iarratais a dhéanamh roimhe 06/02/2020 - 12:00(am na Bruiséile)