Etusivu > Deiseanna fostaíochta > Institutions and agencies > (ECDC) an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

(ECDC) an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

Bunaíodh ECDC in 2005. Is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh é a bhfuil sé de chuspóir aige an chosaint atá ag an Eoraip i gcoinne galair thógálacha a neartú.

Tréimhsí oiliúna

(ECDC) An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

Áit(eanna): Stócólm na Sualainne
Cineál an chonartha: Oiliúnaí

Is é is aidhm don chlár tréimhsí oiliúna caoi a thabhairt do na hoiliúnaithe ar eolas a chur ar an Lárionad agus ar an ról atá aige in obair an Aontais Eorpaigh agus san am céanna é a chur ar a gcumas dóibh eolas praiticiúil a shealbhú agus taithí oibre a fháil.

Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach, agus náisiúnaigh den Iorua, den Íoslainn agus de Lichtinstéin, a bhfuil a gcuid staidéir críochnaithe acu agus a bhfuil céim bainte amach acu dá bharr sin.

Fad ama: 3-9 mí 

Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo. Tuairim agus €1,505 sa mhí an pá.

Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos.

Tuilleadh eolais: https://ecdc.europa.eu/en/about-us/work-us/traineeships