Etusivu > Deiseanna fostaíochta > Institutions and agencies > (ERA) Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh

(ERA) Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh

Tá sainordú ag Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh deimhnithe sábháilteachta aonair agus údaruithe feithiclí (cineálacha) a eisiúint i roinnt tíortha Eorpacha agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil Córas Bainistíochta Tráchta Iarnróid idir-inoibritheach Eorpach i bhfeidhm, mar chuid d’fhorbairt agus de chur chun feidhme an Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid.

Tréimhsí oiliúna

(ERA) An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Áit(eanna): Valenciennes na Fraince
Cineál an chonartha: Oiliúnaí

Tá sainordú ag Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh deimhnithe sábháilteachta aonair agus údaruithe feithiclí (cineálacha) a eisiúint i roinnt tíortha Eorpacha agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil Córas Bainistíochta Tráchta Iarnróid idir-inoibritheach Eorpach i bhfeidhm, mar chuid d’fhorbairt agus de chur chun feidhme an Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid.

Cé atá incháilithe? Céimithe ollscoile (cúrsa trí bliana ar a laghad), a bhfuil eolas maith acu ar an mBéarla agus ar theanga eile (i gcás náisiúnaigh den Aontas Eorpach caithfidh an teanga sin a bheith ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais).

Fad ama: 10 mí 

Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo. Tuairim agus €1,500 sa mhí an pá.

Dátaí tosaigh: 1 Meán Fómhair

Tuilleadh eolais: https://www.era.europa.eu/agency/recruitment/traineeships_en