Tréimhsí oiliúna
An dáta ónar féidir iarratais a dhéanamh: 29/04/2019 - 00:00
An spriocdháta d'iarratais: Níl aon sprioc-am le hiarratas a dhéanamh
Áit(eanna): Liúibleána (An tSlóivéin)
Cineál an chonartha: Oiliúnaí
Is ar chéimithe óga ollscoile go príomha atá an Tréimhse Oiliúna dírithe, na daoine sin a bhfuil céim ollscoile bainte amach acu le gairid, i gcreat na foghlama ar feadh an tsaoil, a chur san áireamh, daoine atá ag tosú i mbun gairme nua.
Cé atá incháilithe?
- Náisiúnaigh as Ballstát den Aontas Eorpach atá 18 mbliana d’aois nó níos sine.
- Ní mór d’iarrthóirí leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a bheith acu ar baineadh dioplóma amach dá bharr (dioplóma a bronnadh i mBallstát den Aontas Eorpach nó atá faoi réir deimhnithe coibhéise a d’eisigh Údaráis Ballstáit), i gcás inarb é trí bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse le haghaidh oideachas ollscoile.
- Ní cheadaítear iarrthóirí a bhfuil tairbhe bainte acu cheana nó atá ag baint tairbhe as aon chineál tréimhse oiliúna laistigh d’institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh nó a bhí fostaithe roimhe nó atá fostaithe faoi láthair laistigh d’institiúid nó de chomhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh.
Fad ama: 6 mhí
Pá: Is intéirneacht ar pá é seo. 600€ (Deontas Míosúil) agus 350€ (Liúntas Lóistín).
Dátaí tosaigh: An 1 Meán Fómhair nó an 1 Márta
Tuilleadh eolais:
https://www.acer.europa.eu/en/The_agency/Working_at_ACER/Pages/Currrent-vacancie…