Údarás neamhspleách de chuid an Aontais is ea ESMA a chuidíonn chun córas airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint trí fheabhas a chur ar an gcosaint a thugtar do lucht infheistíochta agus trí mhargaí airgeadais cobhsaí rianúla a chur chun cinn.
Tá glaonna ginearálta ar léirithe spéise eagraithe ag ESMA le haghaidh tréimhsí oiliúna, gan aon sprioc-am sonrach i dtaca le hiarratais ar na próifílí seo a leanas:
Tá sé d’aidhm ag ár gcláir oiliúna taithí agus nochtadh ar leith a thabhairt do chéimithe/d’fhochéimithe ar an gcaoi a bhfeidhmíonn ESMA.
Cuireann na tréimhsí oiliúna, a mhaireann 6-12 mhí, oiliúint fheidhmeach ar fáil in anailís mhargaidh, i staitisticí nó i mbainistíocht sonraí. Tugann siad léargas freisin ar shaincheisteanna coincheapúla agus eimpíreacha maidir le feidhmiú agus comhtháthú an mhargaidh airgeadais, mar aon le rialáil, maoirseacht agus forfheidhmiú san Aontas Eorpach.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach fógraí na bhfolúntas atá ann faoi láthair ar thairseach earcaíochta ESMA.
Cé ar féidir leis iarratas a dhéanamh? Céimithe agus fochéimithe
Fad ama: 6 mhí, ach tá deis ann síneadh breise 6 mhí a chur leis (le haghaidh tréimhse nach faide ná 12 mhí san iomlán)
An tréimhse oiliúna le pá í?
Dátaí tosaigh: dátaí éagsúla