Cabhraíonn an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna le tíortha idirlinne agus tíortha i mbéal forbartha, mar chuid de bheartas um chaidreamh seachtrach an Aontais Eorpaigh, athchóiriú a dhéanamh ar chórais oideachais, oiliúna agus an mhargaidh saothair chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní daonna atá acu.
Is iad cuspóirí na dtréimhsí oiliúna ná taithí oibre a thabhairt do na hoiliúnaithe ar an gcaoi a gcomhordaítear comhar i réimse an oideachais agus na hoiliúna, léargas a thabhairt dóibh ar chuspóirí agus gníomhaíochtaí na Fondúireachta agus deis a thabhairt dóibh an méid atá foghlamtha acu a chur chun úsáide go praiticiúil.
Cé atá incháilithe? Saoránaigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus saoránaigh de thíortha atá ina gcomhpháirtithe ag ETF.
Fad ama: 3-6 mhí
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo
Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos