Is éard is cúram don Chúirt Bhreithiúnais, atá lonnaithe i Lucsamburg, dlí an Aontais a léirmhíniú chun a chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm é ar an tslí chéanna i ngach Ballstát, agus díospóidí dlíthiúla idir rialtais na mBallstát agus institiúidí an Aontais a réiteach. I gcásanna áirithe, is féidir le duine aonair, gnólachtaí nó eagraíochtaí cásanna a chur faoina bráid chun gníomh a dhéanamh in aghaidh institiúid de chuid an Aontais, má cheapann siad gur sháraigh an institiúid sin a chearta.
Is ó na painéil iarrthóirí, a thiomsaítear de bharr comórtais earcaíochta oscailte, a earcaítear formhór bhaill foirne na Cúirte Breithiúnais. Fógraítear na comórtais sin ar an suíomh gréasáin seo. I gcásanna áirithe, áfach, is féidir leis an gCúirt baill foirne shealadacha nó nó baill foirne ar conradh a úsáid chun cúraimí cúnta a chur i gcrích. Tá sin amhlaidh i gcás na n-institiúidí ar fad.
Ar ateangairí nuacháilithe a mheasann Stiúrthóireacht na hAteangaireachta na teangacha atá acu a bheith úsáideach a bhíonn tréimhsí oiliúna san ateangaireacht dírithe. An aidhm atá ag na tréimhsí oiliúna ná caoi a thabhairt d'ateangairí nuacháilithe barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna ateangaireachta, an ateangaireacht dhlíthiúil go háirithe, agus chuige sin cásanna a ullmhú, taighde téarmeolaíochta a dhéanamh agus cleachtaí praiticiúla a dhéanamh i "mbothán ciúin" agus an méid sin a dhéanamh faoi mhaoirseacht ball foirne den Stiúrthóireacht.
Cé atá incháilithe? Ateangairí nuacháilithe a bhfuil dioplóma acu san ateangaireacht comhdhála agus a bhfuil léamh na Fraincise acu.
Fad ama: 10–12 sheachtain
Gach bliain, tairgeann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh líon teoranta tréimhsí oiliúna 5 mhí ar pá. Go hiondúil is i Stiúrthóireacht an Aistriúcháin Dhlíthiúil, sa Stiúrthóireacht um Thaighde agus Doiciméadú, i Stiúrthóireacht na Cumarsáide, sa Stiúrthóireacht um Phrótacal agus Cuairteanna, in oifig an Chomhairleora Dhlíthiúil le haghaidh cásanna riaracháin, i gClárlann na Cúirte Ginearálta nó i Stiúrthóireacht na hAteangaireachta a bhíonn na tréimhsí oiliúna ar fáil.
Cé atá incháilithe? Céimithe sa dlí nó san eolaíocht pholaitiúil (agus an dlí mar phríomhábhar) a bhfuil eolas acu ar an bhFraincis.
Fad ama: 5 mhí
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo. Tuairim agus €1,120 sa mhí an pá.
Dátaí tosaigh: 1 Márta agus 1 Deireadh Fómhair