Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchóir neamhspleách seachtrach an Aontais, agus déanann sí cúram de leasa cháiníocóirí an Aontais. I Lucsamburg atá sí lonnaithe. Níl cumhachtaí dlí aici, ach oibríonn sí chun feabhas a chur ar an dóigh a mbainistíonn an Coimisiún Eorpach buiséad an Aontais agus ullmhaíonn sí tuarascálacha faoi staid airgeadas an Aontais.
Iad siúd a earcaítear ó na painéil a thiomsaítear de bharr comórtais oscailte is mó atá fostaithe aici. Fógraítear na comórtais sin ar an suíomh gréasáin seo. I gcásanna áirithe, áfach, is féidir le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa baill foirne shealadacha nó baill foirne ar conradh a fhostú. Tá sin amhlaidh i gcás na n-institiúidí ar fad.
Tairgeann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa trí thréimhse oiliúna in aghaidh na bliana i réimsí a bhaineann lena cuid oibre.
Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach a bhfuil dioplóma ollscoile aitheanta acu nó a bhfuil ar a laghad ceithre sheimeastar de staidéar ollscoile curtha i gcrích acu i réimse a mbíonn an Chúirt ag plé leis (iniúchóireacht, buiséad, cuntasaíocht, riarachán, acmhainní daonna, aistriúchán, cumarsáid, caidreamh idirnáisiúnta, dlí)
Fad ama: 3, 4, nó 5 de mhíonna
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo. Tuairim agus €1,350 (ach maoiniú a bheith le fáil lena aghaidh sa bhuiséad.)
Dátaí tosaigh: 1 Feabhra, 1 Bealtaine agus 1 Meán Fómhair gach bliain