Is comhlacht comhairleach é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa atá lonnaithe sa Bhruiséil, ina bhfuil ionadaithe ó eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí agus grúpaí sainleasa eile. Tugann sé tuairimí uaidh don Choimisiún, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus do Pharlaimint na hEorpa ar cheisteanna a bhaineann leis an Aontas Eorpach.
Is iondúil gur trí chomórtais oscailte nó próisis roghnúcháin a earcaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa baill foirne. Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne a eagraíonn na próisis roghnúcháin sin do na hinstitiúidí ar fad. Uaireanta, fostaíonn an Coiste baill foirne nach baill bhuana iad, faoi scéim na ngníomhairí ar conradh nó faoi scéim na ngníomhairí sealadacha. Tá sin amhlaidh i gcás na n-institiúidí ar fad.
Faoi dhó sa bhliain, tairgeann an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta tréimhsí oiliúna do chéimithe ollscoile. Deis iad na tréimhsí oiliúna sin do chéimithe foghlaim faoi ról agus obair an Choiste agus taithí ghairmiúil a fháil i dtimpeallacht ilchultúrtha.
Cé atá incháilithe? Céimí ar náisiúnaigh de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh iad.
Fad ama: 5 mhí
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo. Tuairim agus €1,190 sa mhí
Dátaí tosaigh: 16 Feabhra agus 16 Meán Fómhair
Ó am go chéile bíonn gearr-thréimhsí oiliúna gan phá ar fáil agus ní bhíonn aon aoisteorainn i gceist leo.
Cé atá incháilithe? Mic léinn ollscoile agus céimithe nua
Fad ama: 1–3 mhí
Pá: Níl aon phá i gceist.
Dátaí tosaigh: Níl aon dáta ar leith leagtha síos.