Oibríonn EASA chun an leibhéal cosanta coiteann is airde a chinntiú do shaoránaigh an Aontais i ndáil le sábháilteacht eitlíochta agus cosaint an chomhshaoil. Éascaítear leis freisin margadh inmheánach aonair na heitlíochta.
Tairgeann an Ghníomhaireacht tréimhsí oiliúna sna réimsí ar fad a mbíonn an sí ag plé leo, do chéimithe úrnua agus do mhic léinn ollscoile araon. Is é is aidhm dó sin caoi a thabhairt do na hoiliúnaithe ar eolas a chur ar an nGníomhaireacht agus ar an ról atá aici san obair a dhéanann an tAontas Eorpach.
Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de cheann de Bhallstáit EASA agus náisiúnaigh de thír a bhfuil stádas breathnóra aici ar Bhord Bainistíochta EASA agus a bhfuil baint ag an gcúlra atá acu leis an obair a dhéanann an Ghníomhaireacht.
Fad ama: 12 mhí
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo.
Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos.