Is iad na bunfhreagrachtaí atá ar ÚEÁPC tacú le cobhsaíocht an chórais airgeadais agus le trédhearcacht na margaí agus na dtáirgí airgeadais, agus sealbhóirí polasaithe, comhaltaí scéimeanna pinsin agus tairbhithe a chosaint.
Cé atá incháilithe? Oiliúnaithe ar náisiúnaigh iad de Bhallstáit an Aontais, den Íoslainn, den Iorua nó de Lichtinstéin nó de thíortha is iarrthóirí ar a dteacht isteach don Aontas dóibh. Ní mór do na hiarrthóirí a bheith cláraithe faoi láthair i gclár céime ollscoile nó céim ollscoile a bheith bainte amach acu. Níl aon íoscháilíocht ollscolaíochta de dhíth chun páirt a ghlacadh sa tréimhse oiliúna.
Fad ama: 1-6 mhí.
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo. Tuairim agus €1,300 sa mhí an pá.
Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos.