Is faoi F4E atá sé cuidiú le ITER ar son na hEorpa. Is é ITER an chomhpháirtíocht is mó ar domhan a bhfuil sé mar aidhm aige a thaispeáint gur foinse fuinnimh inbhuanaithe agus inmharthana é an comhleá. In ITER, tugtar le chéile seacht bpáirtí atá ag déanamh ionadaíocht ar leath den daonra domhanda – an tAontas Eorpach, an Rúis, an tSeapáin, an tSín, an India, an Chóiré Theas agus na Stáit Aontaithe.
Is é is aidhm do na tréimhsí oiliúna a thairgeann F4E ná feasacht, eolas agus tuiscint a chothú ar an ról atá ag F4E sa tionscadal ‘ITER’ agus san Eoraip go ginearálta, agus ina theannta sin, oiliúint a chur ar chéimithe ollscoile i réimse na hinnealtóireachta núicléiche, na fisice, an riaracháin agus na cumarsáide.
Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach agus den Eilvéis, a bhfuil cúrsa ollscoile trí bliana ar a laghad déanta acu, ar baineadh céim bhaitsiléara ar a laghad amach dá bharr, agus Béarla ar a dtoil acu.
Fad ama: 4-9 mí
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo. Tuairim agus €1,000 sa mhí an pá, maille le haisíocaíocht costas taistil.
Dátaí tosaigh: Deireadh Fómhair