Home > Job opportunities > Institutions and agencies > (EMCDDA) An Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí

(EMCDDA) An Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí

Tugann EMCDDA forbhreathnú fíorasach don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit ar fhadhbanna drugaí na hEorpa agus tugann sé bonn daingean fianaise chun tacú leis an díospóireacht maidir le drugaí. Sa lá atá inniu ann, cuireann sé na sonraí atá de dhíth ar lucht déanta beartas chun dlíthe agus straitéisí feasacha i ndáil le drugaí a dhréachtú, cuireann sé na sonraí sin ar fáil dóibh. Ina theannta sin, cuidíonn sé le gairmithe agus le cleachtóirí atá ag obair sa réimse sin dea-chleachtais agus réimsí nua taighde a aimsiú.

Tréimhsí oiliúna

An Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí

Áit(eanna): Liospóin (an Phortaingéil)
Cineál an chonartha: Oiliúnaí

Is é is aidhm do na tréimhsí oiliúna a thairgeann EMCDDA caoi a thabhairt do na hoiliúnaithe ar eolas praiticiúil a chur ar an dóigh a bhfeidhmíonn gníomhaireacht Eorpach.

Cé atá incháilithe? Céimithe ar saoránaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach iad, nó den Iorua nó den Tuirc

Fad ama: 3-8 mí 

Pá: Braitheann sé ar an mbuiséad atá ar fáil.

Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos.