Is ionad saineolais don chibearshlándáil san Eoraip í Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA). Tá an ghníomhaireacht lonnaithe in Aithin na Gréige agus tá an dara hoifig aici in Heraklion na Gréige.
A bhuí lena scéim tréimhsí oiliúna tá caoi ag ENISA a bheith ag obair le céimithe díocasacha a mbíonn dearcadh úr acu agus an t-eolas acadúil is déanaí ar a réimse oibre. Déanann sin leas ENISA agus cuidíonn sé leis ar dhóigh phraiticiúil a chuid oibre a dhéanamh ó lá go chéile.
Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach nó den Iorua, den Íoslainn agus de Lichtinstéin, a bhfuil bunchúrsa ollscoile déanta acu agus céim iomlán nó a cothrom bainte amach acu dá bharr.
Fad ama: 3-12 mhí
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo. Tuairim agus €1,000 sa mhí an pá.
Dátaí tosaigh: Níl aon dáta ar leith leagtha síos.